Published on
€42,000 Ceadaithe chun Oibreacha Cothabhála a dhéanamh ag Cé Inis Oírr
Tá curtha in iúl ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, go bhfuil deontais de luach €42,000 ceadaithe aige do Chomhairle Contae na Gaillimhe chun oibreacha cothabhála a chur i gcrích ag Cé Inis Oírr. Cuimseoidh na hoibreacha atá beartaithe nithe ar nós mullaird agus baoithe nua, péinteáil agus lámhráillí nua agus saoráid loingseoireachta a chur in airde ar an gcé. Is deontas ag ráta 75% den chostas atá anseo agus seasfaidh Comhairle Contae na Gaillimhe fuílleach an chostais.
Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh sé sásta go raibh ar a chumas fógra mar seo a dhéanamh. “Léiríonn fógra an lae inniu go bhfuil mo Roinnse tiomanta do leanúint ar aghaidh le feabhsú saoráidí do phobail ár n-oileán nuair atá na hacmhainní ar fáil di,” a dúirt an tAire Stáit.