Published on 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas reáchtála €100,000 i leith scéim oiliúna peile agus liathróid láimhe

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go raibh allúntas de €100,000 á cheadú aige do Chumann Lúthchleas Gael - Comhairle Chonnacht. Tá an deontas á cheadú chun cuid de na costais reatha a bhaineann le raon bearta atá faoi stiúir na Comhairle agus a thacaíonn le chur chun cinn na Gaeilge trí imeachtaí spóirt de chuid an Chumann Lúthchleas Gael i scoileanna Ghaeltacht Chonamara a mhaoiniú.

 

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Chomhairle Chonnacht as ucht an sár-obair atá ar siúl acu i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Ghaeltacht na Gaillimhe. "Mar gheall ar an obair fhónta atá ar bun ag Comhairle Connacht faoin scéim seo le tamall de bhlianta tá an deis tugtha d’aos óg na Gaeltachta an Ghaeilge atá acu a úsáid agus a shaibhriú i dtimpeallacht shiamsaíochta an spóirt – rud a chabhraíonn go mór le normalú na Gaeilge mar theanga cumarsáide i measc an aosa óig," a dúirt an tAire Stáit.