Published on 

GRADAIM FHÉILE NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA 2013 Á mBRONNADH

Dé hAoine, 3 Bealtaine—Beidh an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., i láthair ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán, Conamara, tráthnóna Dé Domhnaigh (5 Bealtaine 2013) chun gradaim na Féile a bhronnadh.

Ag labhairt dó roimh an ócáid, thug an tAire Stáit aitheantas don ról a bhí ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus ag an gcoiste eagraithe in eagrú na féile náisiúnta seo.

“Tá sé tráthúil an deis seo a fháil chun aitheantas a thabhairt do dhíograis an Chomhlachais i bhforbairt na drámaíochta Gaeilge.  Is léir go bhfuil obair éachtach curtha i gcrích aige thar na blianta chun suim a spreagadh i gceird na drámaíochta agus go deimhin, i scríobh drámaí,” a dúirt an tAire Stáit. Thagair an tAire Stáit fosta don chlár oibre mór a cuireadh i gcrích i rith na bliana idir na féilte áitiúla drámaíochta, Féile Drámaíochta na gColáistí Tríú Leibhéal, An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta féin agus go leor léirithe poiblí eile ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil réimse leathan buntáistí ag baint leis an drámaíocht trí Ghaeilge.  Lean sé air, “Is caitheamh aimsire iontach é a thugann daoine le chéile agus a thugann deis agus spreagadh dóibh an Ghaeilge a labhairt.  Chomh maith le caomhnú agus forbairt na teanga, cuidíonn an aisteoireacht le féinmhuinín an duine a chothú.  Cuidíonn sí fosta le tréithe pearsanta agus spiorad na meithle a fhorbairt.  Tríd is tríd, níl aon dabht ach go gcuireann sí go mór le scileanna cumarsáide mar a theastaíonn go géar sa domhan mór inniu.”

Ghuigh an tAire Stáit gach rath ar gach éinne a ghlacfadh páirt san fhéile náisiúnta i mbliana agus dúirt sé go raibh súil aige go leanfadh an dea-obair ar aghaidh i measc na bpobal éagsúil.