Published on 

Osclóidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich Áis Nua Spóirt in Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

Dé hAoine 3 Bealtaine

—Osclóidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich, an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, áis nua spóirt in Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, ar maidin ag 11pm.

San fhorbairt seo tá: 

 

·cúirt ilchuspóra atá oiriúnach do leadóg, do chispheil, agus do pheil seachtar an taobh, le fál imlíneach agus tuilshoilse

·seomraí feistis, seomraí cithfholctha, agus leithris

·carrchlós soilsithe a bhfuil slí do 18 feithicle ann chomh maith le 2 áit pháirceála do dhaoine faoi mhíchumas

·bóthar rochtana nua go dtí an áis

Tá an fhorbairt seo curtha i gcrích le maoiniú de thart ar €170,000 ón státchiste.

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt an tAire Stáit: "Tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn chun cúnamh le forbairtí éagsúla a dhéanamh ar Árainn Mhór thar na blianta—mar shampla, an reilig, an halla pobail, an cumann peile, agus an coláiste Gaeilge—agus anois tá deontas curtha ar fáil againn le haghaidh trealamh spóirt don ionad nua seo. Idir na rannpháirtithe ar fad a bhí páirteach sa togra seo d’éirigh leo áis an-tábhachtach d’eacnamaíocht agus do dhaonra an oileáin a chur ar fáil, rud a chuirfidh go mór le saol an oileáin."