Published on 

“Poist Tógála Inbhuanaithe a Athbhunú” - pleananna don earnáil fógartha ag an Rialtas

Chuir an Rialtas fáilte inniu, an 25 Iúil 2013, roimh fhoilsiú thuarascáil Forfás ar earnáil tógála na hÉireann agus d’fhógair plean chun cur leis an leibhéal gníomhaíochta agus fostaíochta san earnáil (féach Ráiteas Beartais an Rialtais thíos). Tacaíonn earnáil tógála inbhuanaithe le forbairt ar feadh an gheilleagair ach tugann fianaise le tuiscint go ndearnadh róleasú maidir le méid na hearnála agus leis an méid a chuireann sí leis an ngeilleagar agus le cruthú post.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny, agus raon beart an Rialtais á fhógairt aige:

“Bhí tionchar nach bhfacthas riamh cheana ag an laghdú ar thógáil ar phoist san earnáil. Nílimid ag filleadh ar laethanta an bholgáin mhaoine bhréagaigh neamh-inbhuanaithe. Ach tá spás ann do leibhéal níos airde gníomhaíochta agus tá scóip ann poist a chruthú don iliomad daoine sin a bhfuil scileanna agus taithí acu agus ar mian leo ról a ghlacadh i dtéarnamh na hÉireann. Agus earnáil tógála inbhuanaithe á atógáil againn, ní mór dúinn freisin aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh inti a ghlac le droch-chaighdeáin trí chóras lag rialála agus forfheidhmithe. Ní bheidh sé éasca ach tá go leor beart ar leith is féidir linn a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh difríocht mhór ar an iomlán. Tá ról faoi leith ag comhordú níos fearr ar ghníomhaíocht, dul i ngleic leis an scáthgheilleagar, feabhas a chur ar chomhlíonadh rialála, córas pleanála níos fearr agus uas-sciliú do ghníomhaíocht nua, maidir le cur leis an líon post san earnáil.”

An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton TD, a choimisiúnaigh tuarascáil Forfás mar chuid den Phlean Gnímh maidir le Poist. Ag labhairt tar éis fhoilsiú na tuarascála inniu, chomh maith le freagra an Rialtais a thabhairt, dúirt an tAire Bruton:

“Tá dul chun cinn suntasach déanta againn ar an bplean chun téarnamh post a thabhairt i gcrích tríd an bPlean Gníomh maidir le Poist. Tá 2,000 post in aghaidh na míosa á chruthú san earnáil phríobháideach. Má táimid leis an leibhéal foráis fostaíochta atá de dhíth a bhaint amach, ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh gach earnáil sa gheilleagar ag soláthar fáis inbhuanaithe. Mar a léiríonn tuarascáil Forfás inniu, de bharr an tobchliseadh san earnáil tógála, tá sí i bhfad faoi bhun an mhéid nádúrtha, inbhuanaithe a cheart a bheith aici, agus ba chóir dúinn díriú ar ardú mór a chur ar an leibhéal gníomhaíochta san earnáil. Beidh sin tábhachtach ó thaobh na poist a bhfuil gá leo a chruthú, ach freisin ó thaobh an líon inbhuanaithe tithe teaghlaigh agus foirgneamh tráchtála a theastaíonn ó gheilleagar folláin a chur ar fáil. Cabhróidh na bearta a fógraíodh inniu lena chinntiú go soláthrófar príomhghníomhartha ionas go mbeimid in ann earnáil tógála inniúil agus nuálach a sholáthar, chomh maith le timpeallacht thógtha ar ardchaighdeán chun tacú le forás, infheistíocht, agus ar deireadh, leis na poist atá de dhíth orainn.”

Cuireann ráiteas beartais an Rialtais leis an dul chun cinn a rinneadh le déanaí chun feabhas a chur ar chaighdeáin trí rialacháin tógála nua. Leis an gclár reachtúil nua de thógálaithe agus conraitheoirí, cuirfear le trédhearcacht sa tionscal, cinnteofar comhlíonadh reachtúil, rialála agus dlíthiúil, agus cuirfear go mór le caighdeán na timpeallachta tógtha.

Táthar ag féachaint le deireadh a chur leis an scáthgheilleagar, rud a chuirfidh an ruaig ar chonraitheoirí mí-ionraice as an tionscal agus mar sin a thacóidh le cuideachtaí freagracha, comhlíonta. De bharr an tiomantais maidir le scrúdú a dhéanamh ar na roghanna atá ann ó thaobh aghaidh a thabhairt ar bhearnaí atá ag teacht chun cinn san earnáil maoine tráchtála, cabhrófar le hinfheistíocht dhíreach eachtrach nua a mhealladh chun na hÉireann. Tá raon Ranna Rialtais ag forbairt bealaí nua faoi láthair le hinfheistíocht thábhachtach a fháil isteach sa réimse ar nós meicníochtaí chun tuilleadh maoinithe príobháidigh a fháil agus níos mó úsáide a bhaint as PPPanna, trí scrúdú a dhéanamh ar bhannaí feidhmíochta a úsáid agus athbhreithniú a dhéanamh ar chonarthaí seirbhíse poiblí.

Chomhaontaigh an Rialtas freisin go ndéanfaidh an Coiste Comh-Aireachta ar Théarnamh Eacnamaíochta agus ar Phoist machnamh sonrach a dhéanamh gach trí mhí ar staid na hearnála tógála.

Críoch

Ag tacú le Tionól na hÉireann 2013 Glac páirt ann!

- See more at: http://www.taoiseach.gov.ie/irish/Nuacht/Preaseis%C3%BAnta%C3%AD_an_Rialtais_2013/%E2%80%9CPoist_T%C3%B3g%C3%A1la_Inbhuanaithe_a_Athbhun%C3%BA%E2%80%9D_-_pleananna_don_earn%C3%A1il_f%C3%B3gartha_ag_an_Rialtas.html#sthash.C14xKoxi.dpuf