Published on 

Fógraíonn an tAire Stáit Chambers toradh phróiseas comhairliúcháin na gColáistí Samhraidh Gaeilge

  • Chuir pobail na Gaeltachta imní faoi shláinte agus faoi shábhailteacht in iúl
  • Forbrófar pacáiste cobhsaithe don earnáil

 

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers TD, inniu (7 Bealtaine 2021) toradh an phróisis chuimsithigh chomhairliúcháin a tugadh faoi le hearnáil na gColáistí Samhraidh Gaeilge.

 

Le linn an phróisis chomhairiliúcháin dúirt ionadaíocht na mban tí a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí agus lucht stiúrtha na gcoláistí araon go mbeadh imní shuntasach orthu faoi shláinte agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus phobail áitiúla i dtaca le COVID-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh.

 

I bhfianaise é seo rinneadh cinneadh gan leanúint ar aghaidh leis na cúrsaí Gaeilge a aithnítear faoin gcóras de ghnáth i samhradh 2021. Tá obair idir lámha faoi láthair ar chiste cobhsaithe a chur le chéile don earnáil.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Rinneamar plé cuimsitheach leis na páirtithe leasmhara go léir a bhfuil ról ríthábhachtach acu i bhfeidhmiú na gcoláistí samhraidh Gaeltachta – idir ionadaíocht na mban tí agus lucht stiúrtha na gcoláistí iad féin. De thoradh an phlé sin, bhí sé an-soiléir go raibh imní ar lucht lóistín agus lucht stiúrtha na gcoláistí araon faoi a bheith ag cur lóistín ar fáil ina mbailte féin do pháistí sna cúinsí reatha mar atá de thoradh COVID-19. Aithním an imní agus an bhuairt sin.

 

“Tuigim chomh maith céanna na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh seo do gheilleagar na Gaeltachta, a bhraitheann cuid mhaith  ar na coláistí samhraidh. Ar an údar sin beidh an scéal ar fad á bhreithniú ag an Roinn i dtreo ciste cobhsaithe cuí a chur i dtoll a chéile”.

 

“Tuigim go mbeidh díomá ar go leor daoine óga a bhí ag súil le freastal ar chúrsa i mbliana. Beidh roinnt coláistí samhraidh ag cur cúrsaí digiteacha ar fáil ar líne in 2021 agus tá an Roinn agus páirtithe leasmhara eile  ag tacú le go leor tionscnaimh dhigiteacha chun scileanna teanga na ndaoine óga a fhorbairt sna míonna samhraidh atá romhainn agus amach anseo.

“Táim muiníneach gur féidir teacht ar réiteach sna seachtainí atá romhainn a chinnteoidh go mbeidh teacht aniar ann don earnáil thábhachtach seo agus go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus amach anseo.”

 

CRÍOCH

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán Chun díchlárú ó na ríomhphoist seo, brúigh ANSEO.