Published on 

Comhaltaí Boird an Fhorais Teanga Ceaptha

Tionóladh an dara Cruinniú Institiúideach déag den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Oifigí Chomhrúnaíocht na Comhairle, Ard Mhacha inniu, Dé Céadaoin an 16 Nollaig 2020.

Cheadaigh an Chomhairle roinnt ceapachán mar Chomhaltaí Boird den Fhoras Teanga, triúir a bhí ainmnithe ag Rialtas na hÉireann san áireamh. Ceapadh Liam Rush mar chomhalta de Bhord Foras na Gaeilge ar feadh téarma cheithre bliana, agus athcheapadh Máire Ní Neachtain agus Sorcha Ní Chéidigh mar chomhaltaí Bhord Foras na Gaeilge ar feadh tréimhse blaina. Déanfar ceapacháin eile le linn 2021.

Ag labhairt dóibh faoi na ceapacháin seo inniu, dúirt an tAire Catherine Martin agus tAire Stáit Jack Chambers go raibh siad ag súil go mór le bheith i mbun oibre leis an mBord nua, agus ghabh siad buíochas le hiar-Chathaoirleach an Bhoird, Pól Ó Gallchóir, as a chuid oibre agus an t-ionchur dearfach a bhí aige le linn a théarma ar leas an Fhorais Teanga agus na teanga i gcoitinne ar fud an oileáin.