Published on 

Conradh seirbhíse aeir €4.9 milliún d’Oileáin Árann fógartha ag an Aire Humphreys

  • Conradh 4 bliana le cinnteacht fhadtéarmach a thabhairt don tseirbhís aeir go hOileáin Árann
  • Seirbhís nua díreach ó Aerfort Chonamara go hInis Meáin agus Inis Oírr
  • Breis is 68,000 suíochán ar fáil gach bliain
  • An tAire Humphreys: Cuirfidh an conradh nua borradh faoin turasóireacht ar na hoileáin

 

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, go bhfuil conradh seirbhíse aeir ar luach €4.9m bronnta do na hOileáin Árainn.

Tiocfaidh an conradh faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO) i bhfeidhm Dé Máirt an 7 Meitheamh ar feadh ceithre bliana agus cinntítear leis go mbeidh nasc riachtanach leis an mórthír do phobail na n-oileáin agus cuirfidh sé go mór leis an turasóireacht.

Beidh a seirbhís dhíreach féin ag Inis Meáin agus Inis Oírr den chéad uair.s

Bronnadh an conradh ar Galway Aviation Services Limited a bhíonn ag trádáil mar Aer Arann Islands i ndiaidh dianchomharliúchán le páirtithe leasmhara ar na hoileáin agus próiseas soláthair iomlán.

Is éard a dúirt an tAire Humphreys agus bronnadh an chonartha á fhógairt:

“Tugann an conradh seo cinnteacht do phobail Oileáin Árainn. Cinntíonn sé seo go mbeidh seirbhís aeir ar féidir brath uirthi agus atá ar phraghas réasúnta ar fáil acu ó Aerfort Chonamara ó cheann ceann na bliana.

“Agus den chéad uair, beidh eitiltí díreacha againn go hInis Meáin agus Inis Oírr – dhá oileán aoibhinn a bhfuil saibhreas staire, cultúir agus béaloidis ag baint leo.

“Is dea-scéala é seo do phobal na n-oileán seo, agus seolann sé teachtaireacht láidir amach ag tús an tséasúir turasóireachta.

“Níl bealach níos deise le saoire an tsamhraidh a chaitheamh ná ar Oileáin Árainn nó ar cheann ar bith de na hoileáin amach ón gcósta

“Cinntíonn an conradh seo go mbeidh eitiltí rialta, díreacha ó Aerfort Chonamara – atá ar leas mhuintir Árainn agus turasóirí araon.

“Léiríonn scéal an lae inniu go bhfuil mise mar Aire ag cloí le m’fhocal chun ár bpolasaí uaillmhianach forbartha tuaithe, ‘ Ar dTodhchaí Tuaithe’ a chur i bhfeidhm agus áit lárnach ag na hoileáin ann.

Cuirfear 68,274 suíochán PSO ar fáil gach bliain go dtí na trí Oileán Árann faoin gconradh seo a rithfear ó Aerfort Chonamara, atá in úinéireacht an Stáit ón mbliain 2019.

Tabharfar scéim sceidealaithe sholúbtha isteach freisin leis an gconradh a fhágfaidh go mbeidh an aerlíne ábalta freagairt d’éilimh ar sheirbhísí áitiúla ar bhealach níos fearr, amhail féilte agus imeachtaí ar na hoileáin.   Cuirfear eitiltí ‘Ad Hoc’ agus ‘eitiltí sceidealaithe nach eitiltí PSO’ iad ar fáil freisin chun na héilimh a sháraíonn an leithdháileadh suíocháin comhaontaithe a shásamh.

 

CRÍOCH

Teagmháil:

Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

01 7736843 / 087 1734633

Press.office@drcd.gov.ie

 

Nótaí d'Eagarthóirí 

  • Tá Galway Aviation Services Limited ag trádáil mar Aer Arann Islands
  • Meastar go gcosnóidh an tseirbhís €4.87 milliún as seo go ceann ceithre bliana.
  • Chuaigh an stádas PSO don tseirbhís as feidhm in 2019. Fágann an conradh seo go bhfuil an tseirbhís aeir agus an bealach aeir ag comhlíonadh rialáil an AE arís.
  • Tugann an conradh seo scéim sceidealaithe nua isteach, cuireann eitiltí sceidealaithe nach eitiltí PSO iad agus eitiltí Ad Hoc ar fáil chun tacú leis an tseirbhís PSO aontaithe.
  • Cheannaigh an Stát Aerfort Chonamara ar €2.75 milliún sa bhliain 2019.

In Aibreán 2021, d’aontaigh an Roinn conradh 4 bliana arbh fhiú €5.6 milliún é le Galway Aviation Services Limited chun seirbhísí bainistithe laethúil a chur ar fáil d’Aerfort Chonamara agus na haerad