Published on 

Cuireann an tAire Deenihan fáilte roimh chruthú Ionad suntasach Cultúir agus Oidhreachta ag Faiche an Choláiste

· Ionad Cultúir agus Oidhreachta cruthaithe ar feadh tréimhse deich mbliana mar thoradh ar chomhpháirtíocht idir Bhanc na hÉireann agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

· Cuirfidh Banc na hÉireann an spás ar fáil agus clúdóidh sé na costais. Déanfaidh an Stát bainistiú ar an ionad, chomh maith lena oibriú agus a chur i ngníomh i gcomhar leis an mbanc.

· Tionólfar réimse taispeántas tábhachtach san Ionad Cultúir agus Oidhreachta, lena n-áirítear taispeántais ar phríomhimeachtaí i stair na hÉireann agus ar Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Dé Luain, 24ú Feabhra - Tá fáilte curtha ag Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, roimh chomhpháirtíocht shuntasach idir an Stát agus Banc na hÉireann a mbeidh cruthú Ionad nua Cultúir agus Oidhreachta ag Tithe na Parlaiminte, Faiche an Choláiste, mar thoradh uirthi.

Tá Banc na hÉireann tar éis an spás seo a chur ar fáil don Stát ar feadh tréimhse deich mbliana agus íocfaidh an banc as costais athchóirithe agus oibriúcháin an ionaid. Déanfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta - i gcomhpháirtíocht le Banc na hÉireann - bainistiú ar an spás agus oibreoidh sé agus cuirfidh sé i ngníomh é don tréimhse sin.

Nuair a bheidh sé oscailte, beidh bealach isteach ag an bpobal chuig an Ionad Cultúir agus Oidhreachta trí dhoras Gandon fhoirgnimh Fhaiche an Choláiste ar Shráid Westmoreland. Éascóidh Banc na hÉireann rochtain threoraithe ar Theach na dTiarnaí do chuairteoirí ar an Ionad Cultúir agus Oidhreachta.

Tá an ceadúnas deich mbliana d'úsáid an ionaid ag comhtharlú le Deich mBliana na gCuimhneachán. Meastar go gcuimseoidh taispeántais san Ionad Cultúir agus Oidhreachta béim shuntasach ar phríomhimeachtaí i stair na hÉireann - suas go comóradh céad bliain an chogaidh chathartha - a mhúnlaigh Éire chomhaimseartha an lae inniu.

Dúirt an tAire Deenihan:

“Cuirim fáilte roimh chinneadh Bhanc na hÉireann an spás seo a chur ar fáil don Stát. Tuigimid uile an tábhacht a bhaineann le foirgnimh Fhaiche an Choláiste. Is foirgnimh iad seo a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus a raibh ról suntasach acu i stair na hÉireann.

“Táim thar a bheith sásta go mbeidh ionad cultúir agus oidhreachta i gcroílár fhoirgnimh Fhaiche an Choláiste mar thoradh ar fhógra an lae inniu. Is forbairt shuntasach í seo agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Banc na hÉireann as an spás seo a chur ar fáil agus as tacú go láidir leis an tionscnamh seo.

“Táim ag tnúth anois le tús na hoibre a dhéanfar chun an spás seo a ullmhú agus chun na taispeántais a phleanáil. Tá súil agam go mbainfidh an oiread daoine is féidir leas as an Ionad Cultúir agus Oidhreachta seo nuair a bheidh sé oscailte agus go mbeidh an t-ionad ina chuid lárnach de Chathair Bhaile Átha Cliath sna blianta atá amach romhainn."

Dúirt Richie Boucher, Príomhfheidhmeannach Bhanc na hÉireann:

Tá an-áthas ar Bhanc na hÉireann an tIonad nua Cultúir agus Oidhreachta seo a éascú don Stát. Tá Banc na hÉireann ag croílár na tráchtála in Éirinn le os cionn 200 bliain agus beidh go ceann i bhfad eile.

Cé go bhfuilimid dírithe ar ionchur suntasach a bheith againn i ndul chun cinn eacnamaíoch thodhchaí na hÉireann, tuigimid freisin go bhfuilimid inár bhfeighlithe ar stair agus ar oidhreacht an Bhainc féin agus go bhfuil ár bhfoirgnimh i bhFaiche an Choláiste ina gcuid thábhachtach de stair agus d'oidhreacht na hÉireann. Aithnímid go ndéanfar comóradh agus ceiliúradh sna blianta beaga atá amach romhainn ar ócáidí comóraidh céad bliain ar imeachtaí móra staire na hÉireann, lena n-áirítear bunú an Stáit.

Tá áthas ar Bhanc na hÉireann a ról tábhachtach seanbhunaithe i dtacú leis na pobail ar a ndéanaimid freastal in Éirinn a léiriú tríd an tionscnamh seo agus táimid ag súil go mór le bheith ag obair leis an Rialtas ar fhorbairt an Ionaid nua Chultúir agus Oidhreachta seo."

Cé go bhfuil obair idir lámha chun an spás seo a ullmhú mar Ionad Cultúir agus Oidhreachta, iarrfaidh an tAire Deenihan ar choiste saineolaithe ó na forais náisiúnta chultúir agus institiúidí eile na cathrach comhairle a chur air maidir le clár taispeántas agus imeachtaí a reáchtálfar san ionad. Beidh béim shuntasach ag an gclár sin ar imeachtaí sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla Dheich mBliana na gCuimhneachán.