Published on 

Déanann an tAire Cosanta agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., athbhreithniú ar roinnt Saighdiúirí Éireannacha atá ag fágáil chun fónamh le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (an UNDOF)

Rinne an tAire Cosanta agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Simon Coveney, T.D., athbhreithniú inniu (an 13 Meán Fómhair) ar roinnt comhaltaí den 64ú Grúpa Saighdiúirí Coise a fhágfaidh an tí sna seachtainí amach romhainn chun fónamh le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (an UNDOF) ar Arda Golan. 

 

Leanann Éire le rannchuidiú mór a dhéanamh leis an tsíocháin idirnáisiúnta agus ag tacú go mór le hoibríochtaí i gcoibhneas le méid na tíre agus, nuair a bhí sé ag labhairt leis na saighdiúirí, dúirt an tAire, “Leanann coimeád síochána na Náisiún Aontaithe de bheith ar cheann de na huirlisí is solúbtha agus is éifeachtaí atá ar fáil don phobal idirnáisiúnta i dtaobh freagairt ar ghéarchéimeanna timpeall an domhain.”

 

Déantar ionadaíocht do shaighdiúirí as 18 gcontae timpeall na hÉireann i measc na buíne ina bhfuil líon 129 duine a imlonnófar chuig an UNDOF.  Imlonnófar breis agus an tríú cuid den ghrúpa go luath ar a gcéad turas dualgais thar lear.

 

Ag labhairt leis an 64ú Grúpa Saighdiúirí Coise, dúirt an tAire, “Traidisiún bródúil Éireannach is ea an tsíocháin a choimeád trína léirímid, ar a mbealach is praiticiúla, ár mbuairt agus ár dtoilteanas chun an fhreagracht a roinnt as daonraí atá i dtrioblóid ar fud na cruinne fad a chuireann siad an t-aistear dúshlánach ó choimhlint chun na síochána díobh.”

 

Dúirt an tAire freisin, “Mar choimeádaithe síochána, glacann tú le ról tábhachtach chun saol saoránach leochaileach ar an talamh a fheabhsú.  Faoi mar is eol dúinn, is féidir leis an gcoimhlint iarmhairtí millteanacha a chruthú agus féadfaidh sé bheith ina chúis le líonta méadaithe d’imircigh, dídeanaithe agus le daoine a dhéantar a dhíláithriú go hinmheánach.”

 

Thug an tAire Coveney chun cuimhne freisin réiteach na Comhairle Slándála um an tSíocháin a Choimeád ón tseachtain seo caite. Dúirt sé gurbh ionann chéad téacs an Uachtaráin a bhí faoi stiúir na hÉireann agus “comhartha arb annamh a thugtar faoi deara é gur baineadh comhdhearcadh iomlán amach i measc bhaill na Comhairle Slándála agus ráiteas soiléir den tús áite a thugann Éire do shaincheist an choimeádta síochána. Is soiléire a thugtar seo faoi deara in bhur measc agus i measc na ndaoine a d’imigh romhaibh chun fónamh leis na Náisiúin Aontaithe ó cuireadh á gcéad imlonnú ar bun i 1958.”

 

Mar fhocal scoir, rinne an tAire comhghairdeas le comhaltaí an 64ú Grúpa Saighdiúirí Coise atá faoi cheannas an Leifteanant-Choirnéil James O’Shea maidir lena n-éachtaí go dtí seo agus ghuigh sé misean sábháilte agus rathúil orthu.

 

CRÍOCH

 

Nóta don Eagarthóir

 

Ar iarraidh na Náisiún Aontaithe, agus tar éis gur cheadaigh an Rialtas agus Dáil Éireann é, imlonnaíodh buíon den Bhuanfhórsa Cosanta mar Chúltaca Soghluaiste an Fhórsa chuig an UNDOF ar Arda Golan ó 2013.

 

Imlonnófar buíon na Éireann den 64ú Grúpa Saighdiúirí Coise ina bhfuil 129 pearsanra chuig Campa Faouar ar thaobh na Siria den limistéar idirscartha agus tiocfaidh siad in ionad phearsanra an 63ú Grúpa Saighdiúirí Coise.

 

Socruithe coraintín: Chun daonraí áitiúla agus coimeádaithe síochána a chosaint, tabharfaidh an 64ú Grúpa Saighdiúirí Coise faoi aonrú/choraintín i gCampa Uí Loingsigh, Cill Uird, ar feadh na 14 lá sula n-imeoidh siad dá n-eitilt go moch ar maidin an 7 Deireadh Fómhair 2021.  Déanfaidh na saighdiúirí coraintín freisin ar theacht dóibh ag misean an UNDOF.

 

Tugadh faoi athbhreithniú an lae inniu i suíomh faoin spéir agus cloíodh go dian le treoirlínte agus rialacháin maidir le scaradh sóisialta.