Published on 

€26,197 ceadaithe ag an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €26,197 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí chun cur ar a gcumas fearais oifige a cheannach don lárionad nua atá á fhorbairt acu ag Baile an Fheirtéaraigh. Tá an deontas seo sa bhreis ar dheontas eile de €1,746,765 a cheadaigh an Roinn i 2013 chun cur ar a gcumas an Lárionad Forbartha a thógáil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta an deontas a cheadú. ‘Tá sé tráthúil go bhfuil an obair ar an lárionad nua seo ag teacht chun críche anois agus plean teanga don cheantar le cur i bhfeidhm. Beidh an áit seo ina chuidiú mór – áit a mbeidh seirbhísí naíolainne, naíonra, agus iarbhunscoile den scoth á gcur ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne’, a dúirt sé.