Published on 

Fógraíonn an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., deontas reáchtála de €52,000 don ‘Chrann Óg’

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go raibh €52,000 á cheadú aige do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair i dtreo na gcostais reatha a bhaineann le raon bearta faoi leith atá faoi stiúir an eagrais agus a thacaíonn le chur chun cinn an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an t-airgead seo a chur ar fáil don Chomharchumann as ucht na sároibre atá ar siúl acu. “Tá ról lárnach agus leanúnach ag an Chrann Óg i gcur chun cinn an cheoil dhúchasaí sa Ghaeltacht agus ag múscailt daoine óga chun fanacht dílis dá n-oidhreacht. Tá muid go mór faoi chomaoin acu féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu. Tá toradh a gcuid oibre le feiceáil ag an saol mór. Cuideoidh an deontas seo leo chun leanúint leis an tsárobair sin” a dúirt an tAire Stáit.