Published on 

I dtuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020, léirítear go leor rudaí dearfacha maidir le cáilíocht an oideachais a sholáthraítear do leanaí agus do dhaoine óga i scoileanna, i suíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim, agus i suíomhanna oideachais eile in Éirinn

Fáiltíonn an tAire Foley roimh fhoilsiú Tuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020, ina léirítear an-chuid láidreachtaí i gcóras oideachais na hÉireann agus ina n-aithnítear réimsí don fhorbairt de réir mar a thagann an córas as COVID.

 

D’fháiltigh an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu (Dé Céadaoin 23 Márta 2022) roimh thorthaí Tuarascáil an Phríomhchigire 2016 – 2020 a sholáthraíonn anailís agus machnamh ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i scoileanna agus i suíomhanna oideachais eile in Éirinn le linn na tréimhse ó Mheán Fómhair 2016 go Nollaig 2020. Tá nach mór 10,000 cigireacht mar bhonn leis an tuarascáil, mar aon le hobair chomhairleach agus thaighde a rinne cigirí na Roinne Oideachais i raon comhthéacsanna oideachais, lena n-áirítear bunscoileanna, scoileanna speisialta, iar-bhunscoileanna, an clár Cúram agus Oideachas Luath-Óige (COLÓ), agus cineálacha soláthar oideachais eile. 

 

Cuimsíonn an tuarascáil freisin obair suíomhanna oideachais le linn thréimhse COVID-19 tréimhse ina raibh dúshlán gan fasach do leanaí agus do dhaoine óga, dá dtuismitheoirí, do shuíomhanna oideachais agus dóibh siúd uile atá bainteach le hoideachas in Éirinn.

 

Léiríonn an tuarascáil seo go soiléir go bhfuil tairbhe mhór á baint ag leanaí agus daoine óga i scoileanna, i lárionaid oideachais agus i suíomhanna oideachais eile na hÉireann, lena n-áirítear suíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim (LFC), as scileanna agus tiomantas cleachtóirí oideachais ó thaobh tacaíochta don fhoghlaim agus don fholláine. Tá na torthaí dearfacha faoi chaighdeáin oideachais in Éirinn atá leagtha amach sa tuarascáil léirithe freisin i dtomhais náisiúnta agus idirnáisiúnta ar cháilíocht, a ndéantar tagairt dóibh sa tuarascáil freisin. Cé go léirítear go leor torthaí dearfacha, d’aithin an Príomhchigire, an Dr Harold Hislop, roinnt gnéithe de chóras oideachais na hÉireann ar gá iad a fhorbairt agus a fheabhsú sna blianta atá le teacht. Ina measc seo tá:

 

  • Dul i ngleic le hoidhreacht Covid – go háirithe mar a bhaineann le foghlaim agus folláine leanaí agus daoine óga i gcóras oideachais na hÉireann
  • Curaclam –go háirithe an dúshlán a bhaineann le hathchóiriú na n-eispéireas curaclaim agus measúnaithe do scoláirí na Sraithe Sinsearaí in iar-bhunscoileanna
  • Cuimsiú agus éagsúlacht – lena chinntiú gur féidir le gach dalta, beag beann ar a gcúlra nó a riachtanas oideachasúil, a lánacmhainneacht a bhaint amach
  • Rialachas agus ceannaireacht scoileanna – chun gluaiseacht i dtreo cur chuige níos éifeachtaí, níos comhleanúnaí agus níos inbhuanaithe maidir le rialachas scoile.

Agus an Tuarascáil á fhoilsiú aige dúirt an Príomhchigire, an Dochtúir Harold Hislop: “Léiríonn ár gcigireachtaí go bhfuil go leor láidreachtaí i gcóras oideachais na hÉireann ag leibhéil na luathbhlianta, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Is cúis áthais dom gur féidir liom tuairisciú go dearfach ar fhoghlaim ardcháilíochta, ar dhea-theagasc agus ar thacaíocht do leanaí agus do dhaoine óga inár gcóras oideachais. Cruthaíonn sé seo bonn láidir ónar féidir soláthar oideachais níos fearr fós a thógáil dár leanaí agus dár ndaoine óga sna blianta atá amach romhainn.”

 

Agus í ag freagairt don tuarascáil, dúirt an tAire Foley: “Fáiltím roimh an tuarascáil seo, ina mbaintear leas as eolas agus taighde a fuarthas thar roinnt blianta de chigireachtaí ar fud ár suíomhanna oideachais. Tá torthaí foriomlána maidir leis na tacaíochtaí, na hiarrachtaí agus na gnóthachtálacha ar fud phobail ár scoileanna an-dearfach, agus aithnítear sár-iarrachtaí ceannairí scoile agus suíomhanna oideachais eile, múinteoirí agus baill foirne, daltaí, teaghlaigh agus comhaltaí deonacha na mbord.

 

“Tá a lán dár gcóras oideachais ar fheabhas. I dTuarascáil an Phríomhchigire aithnítear an dea-chleachtas uile a tharlaíonn go laethúil inár scoileanna agus i suíomhanna oideachais eile maidir le ceannaireacht, bainistíocht, teagasc agus foghlaim ardcháilíochta agus maidir le tacú le folláine ár bpáistí agus ár ndaoine óga. Moltar freisin obair na bpobal oideachais chun leanúnachas oideachais ár leanaí agus ár ndaoine óga a chinntiú le linn na paindéime.

 

“Dearbhaíonn torthaí Thuarascáil an Phríomhchigire seo, mar aon le torthaí dearfacha d’Éirinn i measúnuithe idirnáisiúnta ar léitheoireacht agus ar Mhatamaitic, an iliomad láidreachtaí sa soláthar oideachais do leanaí agus do dhaoine óga óna n-eispéireas luathbhlianta go dtí a n-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile.

 

“Leagtar amach sa tuarascáil réimsí ina bhfuil gá le tionscnaimh agus tacaíochtaí breise chun feabhsuithe a bhaint amach – táim sásta gur bhaineamar úsáid go leanúnach as na sonraí atá ag eascairt ón gcigireacht chun ár bpleananna a threorú agus, dá bhrí sin, ar fud na dtorthaí tá dul chun cinn maith déanta againn chun dul i ngleic le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn. Tá sé mar shaintréith ag ár gcóras meastóireachta ag leibhéal na scoile agus an tsuímh aonair, agus ag an leibhéal náisiúnta, go mbaintear úsáid as an fhianaise a bhailítear chun feabhsú go leanúnach. Leanfaidh m’oifigigh agus mé féin ag baint úsáid as na torthaí chun ár gcuid oibre maidir le tacú lenár scoileanna agus ár suíomhanna oideachais a threorú agus a fheabhsú.”

 

 

Roinnt príomhthorthaí ó Thuarascáil an Phríomhchigire:

 

Teagasc agus foghlaim i mbunscoileanna

 

Foriomlán: Bhí torthaí maidir le teagasc agus foghlaim i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta dearfach i gcoitinne. Aithníodh go soiléir, áfach, go bhfuil gá le cuir chuige teagaisc níos gníomhaí agus níos foghlaimeoir láraithe mar aon le straitéisí scoile uile a úsáid don mheasúnú.

Béarla: Bhí tionchar an-dearfach ag cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta ar scileanna léitheoireachta, go háirithe ag an mbunleibhéal. Tá sé seo léirithe freisin sa ghnóthachtáil an-láidir ag daltaí na hÉireann i léitheoireacht Bhéarla sa Staidéar Idirnáisiúnta ar Dhul Chun Cinn i Litearthacht Léitheoireachta (PIRLS) 2016.

Gaeilge: Measadh go raibh cáilíocht úsáide na teanga i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna go maith ar an iomlán. Nil na torthaí maidir le caighdeáin Ghaeilge na ndaltaí i scoileanna a bhíonn ag teagasc trí mheán an Bhéarla chomh dearfach céanna.

Matamaitic: Bhí torthaí cigireachtaí dearfach i gcoitinne maidir le gnóthachtáil scoláirí sa Mhatamaitic, cé gur aithníodh gnéithe don fheabhsúchán. Baineadh amach na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta. Bhí daltaí na hÉireann rangaithe go hard freisin i Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta (TIMSS) 2019.

 

Teagasc agus foghlaim in iar-bhunscoileanna

 

Foriomlán: Tá cáilíocht fhoriomlán an teagaisc agus na foghlama ar ardchaighdeán in iar-bhunscoileanna freisin. Léiríonn torthaí cigireachtaí go bhfuil scóip ann chun torthaí scoláirí níos cumasaí a fheabhsú agus chun cur leis an líon scoláirí a ghnóthaíonn ag an leibhéal is airde. Tá na torthaí seo ar aon dul le torthaí an mheasúnaithe idirnáisiúnta, PISA 2018, áit a bhfuarthas amach, cé go leanaimid ag feidhmiú go maith os cionn mheán an OECD sa litearthacht, sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht, nach raibh ann ach meánchéatadán de ghnóthachtálaithe arda san Eolaíocht agus céatadán i bhfad ní b’ísle de scoláirí ardfheidhmíochta sa Mhatamaitic in Éirinn. Léiríonn torthaí na Cigireachta freisin go bhfuil gá ag scoláirí le deiseanna breise don chomharfhoghlaim.

Measúnú: Ciallaíonn cur i bhfeidhm na measúnuithe rangbhunaithe (MRBanna) sa tSraith Shóisearach go raibh úsáid á baint as raon níos leithne de chur chuige measúnaithe. Ar an iomlán, tá scóip chun cáilíocht an aiseolais a sholáthraítear do scoláirí ar a gcuid oibre a fheabhsú.

Scileanna fadhbréitigh: Ba chóir go gcuirfí san áireamh i ndearadh curaclaim, in oideachas múinteoirí agus i bpolasaí measúnaithe, go háirithe sa Mhatamaitic, in ábhair ETIM eile agus in ábhair Ghnó, an gá atá ag scoláirí scileanna fadhbréitigh dinimiciúla a fhorbairt a chuirfidh ar a gcumas a bheith iomaíoch laistigh de mhargadh saothair atá ag forbairt go tapa agus ag éirí níos idirnáisiúnta.

 

An Clár Cúram agus Oideachas Luath-Óige (COLÓ)

 

Foriomlán: Tá cáilíocht fhoriomlán an tsoláthair i mbeagnach gach suíomh luathfhoghlama agus luathchúraim (LFC) ina bhfuil an clár COLÓ á sholáthar go maith nó níos fearr. Nuair ba ghá an cleachtas a fheabhsú, bhain na dúshláin go príomha le ró-stiúradh ó dhuine fásta agus gan dóthain deiseanna ag leanaí ceannasaíocht a ghlacadh agus feidhmiú as a stuaim féin i ngníomhaíochtaí.

Aistrithe: Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun aistriú éifeachtach leanaí ón oideachas réamhscoile go dtí an t-oideachas bunscoile a éascú.

 

Soláthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Foriomlán: Tá cáilíocht an teagaisc do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu (RSO) i mbunscoileanna go maith nó go han-mhaith i bhformhór na gcásanna. Cé go raibh níos lú cigireachtaí RSO ag an iar-bhunleibhéal, is ábhar imní é gur tugadh faoi deara nach raibh cáilíocht an teagaisc agus na foghlama ag an leibhéal seo ach sásúil i mionlach suntasach de na ceachtanna. 

Soláthar do leanaí a bhfuil uathachas orthu: Ní mór aird a dhíriú ar roinnt gnéithe tábhachtacha a bhaineann leis an soláthar do leanaí a bhfuil uathachas orthu: ina measc sin tá cleachtais rollaithe, athbhreithniú ar shocrúcháin agus leanaí atá ag freastal ar ranganna speisialta a imeascadh sa soláthar príomhshrutha.

 

Ionchuimsiú agus tacaíocht do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais

 

Litearthacht agus Uimhearthacht: I scoileanna DEIS, tá pleanáil agus feidhmiú straitéisí litearthachta agus uimhearthachta dearfach i gcoitinne. Ní mór aird a dhíriú ar ghnéithe den uimhearthacht, go háirithe an Mhatamaitic a bheith taitneamhach d’fhoghlaimeoirí.

Pleanáil gníomhaíochta: Ba chóir don phleanáil gníomhaíochta don fheabhsúchán i scoileanna DEIS fócas breise a dhíriú ar thinreamh, ar ghnóthachtáil i scrúduithe (iar-bhunscoil amháin) agus ar an bhfoghlaim a dhéanamh suimiúil d’fhoghlaimeoirí, go háirithe i réimse na huimhearthachta.

 

Ceannaireacht agus bainistíocht scoileanna

 

I mbunscoileanna, i scoileanna speisialta agus in iar-bhunscoileanna, tá cáilíocht an rialachais, na ceannaireachta agus na bainistíochta láidir ar an iomlán.

Ní mór dóibh siúd atá i bpoist cheannaireachta agus bhainistíochta i suíomhanna agus scoileanna, bunscoileanna ach go háirithe, fócas níos suntasaí a leagan ar cheannaireacht an teagaisc agus na foghlama.

Ní mór luas a chur faoi phátrúnacht scoileanna a éagsúlú ionas gur féidir freagairt go hiomlán do riachtanais athraitheacha na sochaí agus don éileamh ar sholáthar oideachais nach bhfuil sainchreidmheach.

 

Taithí COVID-19

 

Léirigh scoileanna agus suíomhanna aclaíocht agus freagrúlacht le linn phaindéim COVID-19.

 

Léirigh scoileanna agus múinteoirí cumas méadaithe maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun tacú leis an bhfoghlaim.

 

Mar thoradh ar dhúnadh na scoileanna, léirigh daltaí agus scoláirí imní agus dúshláin maidir lena bhfolláine mar aon le bearnaí ina gcuid foghlama.

 

Molann an Príomhchigire gur chóir do scoileanna leanúint ag aithint na mbearnaí is suntasaí san fhoghlaim mar thoradh ar thréimhse dhúnta na scoileanna, agus gur chóir dóibh dul i mbun pleanáil gníomhaíochta chun dul i ngleic leis na bearnaí ar bhealach córasach.

 

Tá an tuarascáil ar fáil anseo: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/1b90ce-none/

 

 

CRÍOCH

 

Nótaí don Eagarthóir:

Ta buaicphointe sroichte maidir le líon na ndaltaí atá páirteach sa chóras oideachais ag an mbunleibhéal ach tá méadú ag tarlú fós ag an iar-bhunleibhéal.

Sa tréimhse ó Mheán Fómhair 2016 go Nollaig 2020 tháinig fás go seasta ar chaiteachas ar oideachas, go háirithe ó thaobh soláthair do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

 

Mar thoradh ar COVID-19, dhún scoileanna agus suíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim (LFC) ar 12 Márta 2020, agus d’athraigh scoileanna chuig an gcianteagasc agus an gcianfhoghlaim don chuid eile den scoilbhliain 2019/2020.

 

Tá torthaí Thuarascáil an Phríomhchigire: Meán Fómhair 2016 – Nollaig 2020 bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh le linn raon leathan cigireachtaí agus taighde, lena n-áirítear:

 

  • 2,443 cigireacht i suíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim a chuireann an clár COLÓ ar fáil
  • 92 Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí (CCCL)
  • 3,511 cigireacht i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta
  • 2,759 cigireacht in iar-bhunscoileanna agus i lárionaid oideachais
  • 1,094 cigireacht leantach
  • os cionn 28,000 suirbhé ar dhaltaí ag an mbunleibhéal agus os cionn 50,000 suirbhé ar scoláirí ag an iar-bhunleibhéal
  • os cionn 36,000 suirbhé ar thuismitheoirí ag an mbunleibhéal agus os cionn 29,000 suirbhé ar thuismitheoirí ag an iar-bhunleibhéal
  • tuarascálacha téamacha ar Nuatheangacha Iasachta, Foghlaim Dhigiteach, ETIM (STEM) agus ar sholáthar do leanaí ar a bhfuil Neamhord ar Speictream an Uathachais (NSU)
  • suirbhéanna ar phríomhoidí, ar mhúinteoirí, ar thuismitheoirí, ar dhaltaí agus ar scoláirí, comhráite le príomhoidí, agus fócasghrúpaí le daltaí agus le scoláirí le linn na tréimhse COVID-19.

 

PIRLS

Is tionscadal é PIRLS de chuid an Chumainn Idirnáisiúnta ‎um Mheastóireacht ar Ghnóthachtáil Oideachasúil (IEA), agus déantar é a bhainistiú ar leibhéal idirnáisiúnta ón Lárionad Staidéir Idirnáisiúnta i Boston College.

 

PISA

 

Is staidéar idirnáisiúnta é PISA (Clár um Measúnú Idirnáisiúnta Mac Léinn) a dhéanann an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta gach trí bliana. Tomhaistear ann an cumas atá ag daoine 15 bliana d’aois a gcuid eolais agus scileanna léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an fhíorshaoil.