Published on 

Léirbhreithníonn an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais & Cosanta, an tUasal Alan Shatter. T.D., Trúpaí na hÉireann atá ag dul chun na Siria, Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh 10ú Márta 2014

Inniu rinne an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter, T.D. léirbhreithniú ar chomhaltaí den 44ú Cathlán Coisithe a rachaidh chun seirbhíse le Fórsa Breathnadóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe sa tSiria (UNDOF) níos déanaí an mhí seo.

Le linn an léirbhreithnithe dúirt an tAire: “Tá ról ríthábhachtach imeartha ag Fórsaí Cosanta na hÉireann i gcoinneáil na síochána ar fud an domhain le leathchéad bliain anois. Tá traidisiún measúil againn ag tacú leis na Náisiúin Aontaithe ar son na síochána agus na slándála.” Chaintigh an tAire ar an achrann sa tSiria le bliain anuas agus mar ar chuir sé isteach go mór ar cheantar oibríochta UNDOF.

Dúirt an tAire ina dhiaidh sin “Tá sé ríthábhachtach go leanfadh tíortha ar nós na hÉireann a bhfuil trúpaí acu ag tacú le misean UNDOF chun go mbeidh an misean in ann a théarmaí tagartha a chur i bhfeidhm ar bhealach slán agus sábháilte. De bharr an sos cogaidh idir an Iosrael agus an tSiria a bheith coinnithe le dhá scór bliain anuas, cuidíonn sin go mór chun éiginnteacht a chosc sa réigiún.” Maidir leis an ngéarchéim thubaisteach dhaonnúil atá sa tSiria dúirt an tAire “meastar go bhfuil breis is 130,000 duine maraithe i gcogadh cathartha na Siria agus go bhfuil breis is 2 mhilliún dídeanach as an tSiria ag cur fúthu i dtíortha in aice na Siria.”s Thagair an tAire don chúnamh a chuir Éire ar fáil go dtí seo chun tacú le muintir na Siria agus dúirt “In 2013, chuir Éire €11.3m ar fáil i gcúnamh daonnúil agus agus €2.65 milliún ar fáil in 2012. De bharr €12 milliún eile a bheith geallta ag Éirinn beidh breis is €26m ar fad bronnta ag an tír seo ó 2011 go dtí 2014. Cuireadh maoiniú ar fáil do réimse páirtithe atá sa NA chomh maith le hEagraíochtaí Éireannacha Neamh-rialtasacha (NGOanna). Chomh maith leis sin tá socruithe déanta go nglacfaidh an Stát le roinnt dídeanaithe as an tSiria agus táimse mar Aire Dlí agus Cirt ag obair ar shocruithe eile dá leithéid.”

Dúirt sé freisin “níl stair níos fearr ag aon tír ná mar atá ag Éirinn maidir le fónamh in oibíochtaí tacaíochta na síochána. Tá obair mhór déanta againn in oibríochtaí dá leithéid ar fud an domhain agus leanaimid leis an obair sin.”

Tiocfaidh meitheal na hÉireann, ina bhfuil 130 pearsanra, in áit an 43ú Grúpa Coisithe a thabharfaidh a seal dualgais chun críche go gairid. Beidh lucht an 44ú Grúpa Coisithe bunaithe i limistéar Arda Golan in iardheisceart na Siria agus an príomhdhualgas a bheidh orthu ná dul i mbun dualgais mar Fhórsa neamhspleách Cúltaca Soghluaiste laistigh de Limistéar Freagrachta UNDOF.

Ag tabhairt ar aird nach mbíonn aon mhisean glan ar chontúirt dúirt an tAire leis na trúpaí “an polasaí agus an cleachtas atá ann ná a chinntiú go mbíonn pearsanra Óglaigh na hÉireann a bhíonn ar dualgas thar lear traenáilte agus réitithe mar is cuí leis an trealamh is éifeachtaí agus is nua-aimseartha chun tabhairt faoina misean, chomh maith leis an gcosaint is gá a thabhairt don mhisean. Dúirt an tAire freisin “Táim sásta go bhfuil na bearta slándála iomchuí ar fad i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh pearsanra Óglaigh na hÉireann atá ag fónamh le UNIFIL agus UNDOF sábháilte.”

Críoch

Nótaí chuig an Eagarthóir

An 1 Iúil 2013, fuair Éire iarratas ó na Náisiúin Aontaithe féachaint ar chur leis an gComplacht Coisithe Meicnithe ar mhaithe le Fórsa Cúltaca Soghluaiste. Bhí taithí roimhe seo ag Óglaigh na hÉireann i ról den chineál céann sa Liobáin agus sa Libéir.

I ndiaidh ceadú ón Rialtas agus ón Dáil, imlonnaíodh an chéad Grúpa Coisithe as Éirinn (an 43ú Grúpa Coisithe) go UNDOF an 28 Deireadh Fómhair 2013. Imlonnaíodh Ceathrar (4) pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann i dtús 2013 go dtí ceanncheathrú misin UNDOF ag Campa Faouar ar Arda Golan.

Rinneadh athnuachan ar shainordú mhisean faoi Rún 2131 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe do thréimhse eile de shé mhí go dtí an 30 Meitheamh 2014 agus an dáta sin san áireamh.

Cuidíonn breis is ochtú (80) breathnadóir míleata ó Ghrúpa Breathnadóireachta Golan de chuid Eagras na Náisiún Aontaithe um Maoirseacht ar Shos Cogaidh (UNTSO) le UNDOF. Tá seachtar (7) oifigeach as Éirinn ina measc. Is Oifigeach as Éirinn, an Maor-Ghinearál Michael Finn, Ceann an Mhisin agus Ceann Foirne UNTSO.