Published on 

Minister Martin launches the Music and Entertainment Business Assistance Scheme (MEBAS)

The Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Catherine Martin TD, today announced the launch of the Music and Entertainment Business Assistance Scheme (MEBAS) which will open for applications at 1pm on 9 June 2021.

 

A fund of €14m is available for the new scheme which will make a contribution to costs in businesses in the live entertainment sector that have been significantly negatively affected by COVID-19 restrictions. Businesses that are not eligible for other business supports such as the Covid Restrictions Support Scheme (CRSS) or the Small Business Assistance Scheme for Covid (SBASC) are eligible to apply.

 

The features of the Music and Entertainment Business Assistance Scheme (MEBAS) are as follows;

  • Sole traders, partnerships or incorporated entities operating as a business exclusively within the live entertainment sector are eligible to apply. Businesses of musicians and singers of all genres are eligible as are;
    • sound engineers,
    • lighting engineers,
    • audio engineers,
    • stage managers,
    • stage technicians,
    • sound and lighting equipment suppliers,
    • live-streaming equipment suppliers,
    • full-time disc jockeys.
  • Support will be offered by way of a single once-off payment at three levels:
    • €2,500 for businesses with a VAT-exclusive turnover of €20,000 - €50,000 with minimum business costs of €3,000;
    • €4,000 for businesses with a VAT-exclusive turnover of €50,000 - €100,000 with minimum business costs of €6,000;
    • €5,000 for businesses with VAT-exclusive turnover in excess of €100,000 with minimum business costs of €7,500;
  • Turnover of the business for 1 April 2020 – 31 March 2021 must be no more than 25% of the turnover of the business in the year for which accounts are submitted;
  • Business must intend to resume trading in full once government restrictions are eased.

 

The Music and Entertainment Business Assistance Scheme will open for applications from 9 June 2021 to 7 July 2021 through an online application system. This date may be extended if funding remains available for the scheme. Further information in relation to MEBAS, including scheme guidelines, how to access the online application system and FAQs can be found here.

 

Minister Martin said:

“I am very pleased to open the Music and Entertainment Business Assistance Scheme for applications from businesses.  This scheme is part of a €50 million suite of supports for those working in the live entertainment sector. This funding of €14 million will provide much needed support to those in the live performance sector that do not qualify for other business supports.”

 

ENDS

 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia To unsubscribe from these emails, please click HERE.

 

 

 

Dé Céadaoin, 2 Meitheamh 2021

 

Seolann an tAire an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta

 

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta a ghlacfaidh le hiarratais ó 1 i.n. ar an 9 Meitheamh 2021. 

 

Tá ciste €14m ar fáil don scéim nua a íocfaidh cuid de na costais atá ag gnólachtaí san earnáil siamsaíochta beo a raibh tionchar diúltach suntasach ag srianta COVID-19 orthu. Is féidir le gnólachtaí nach bhfuil incháilithe do thacaíochtaí gnó eile cosúil le Scéim Tacaíochta Srianta COVID nó an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Beaga le haghaidh COVID iarratas a dhéanamh ar an Scéim seo.

 

Seo a leanas gnéithe den Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta;

  • Is féidir le trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí agus aonáin chorpraithe atá ag feidhmiú mar ghnólacht san earnáil tráchtála siamsaíochta beo iarratas a dhéanamh. Tá gnólachtaí de chuid ceoltóirí agus amhránaithe de gach seánra incháilithe, mar atá;
    • innealtóirí fuaime,
    • innealtóirí soilse,
    • bainisteoirí stáitse,
    • teicneoirí stáitse,
    • soláthróirí threalamh fuaime agus soilse,
    • soláthróirí threalamh beoshrutha,
    • dioscmharcaigh lánaimseartha.
  • Cuirfear tacaíocht ar fáil trí íocaíocht amháin ag trí leibhéal:
    • €2,500 do ghnólachtaí le láimhdeachas €20,000 - €50,000 gan CBL san áireamh le bunchostais ghnó €3,000;
    • €4,000 do ghnólachtaí le láimhdeachas €50,000 - €100,000 gan CBL san áireamh le bunchostais ghnó €6,000;
    • €5,000 do ghnólachtaí le láimhdeachas níos mó ná €100,000 gan CBL san áireamh le bunchostais ghnó €7,500;
  • Ní féidir le láimhdeachas an ghnólachta don tréimhse idir an 1 Aibreán 2020 agus an 31 Márta 2021 a bheith níos mó ná 25% de láimhdeachas an ghnólachta don bhliain a mbaineann na cuntais a chuirtear isteach léi;
  • Caithfidh sé a bheith ar intinn ag an ngnólacht trádáil arís go hiomlán nuair a mhaolófar srianta an rialtais.

 

Beidh an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta oscailte d’iarratais ón 9 Meitheamh 2021 go dtí an 7 Iúil 2021 trí chóras iarratais ar líne. Seans go cuirfear siar an dáta deiridh sa chás go mbeidh maoiniú ar fáil don scéim. Tá níos mó eolais maidir leis an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta, a chuimsíonn treoirlínte na Scéime, conas teacht ar an gcóras iarratais ar líne agus ceisteanna a chuirtear go minic, ar fáil anseo.

 

Dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta a oscailt d’iarratais ó ghnólachtaí. Tá an scéim mar chuid de shraith tacaíochtaí €50 milliún dóibh siúd a oibríonn san earnáil siamsaíochta beo. Cuirfidh an maoiniú €14 milliún seo tacaíocht atá ag teastáil go géar ar fáil dóibh siúd san earnáil taibhithe beo nach bhfuil incháilithe do thacaíochtaí gnó eile.”