Published on 

Osclóidh an tAire Mac Fhionnlaoich Cé Phort an Chrainn le linn Fhéile Ghabhla 2013

Beidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i nGabhla Dé Domhnaigh, 28 Iúil, chun na forbairtí nua ar Ché Phort an Chrainn a oscailt go hoifigiúil ag 2pm.

Thosaigh an obair dheisiúcháin ar an gcé i mí Lúnasa anuraidh tar éis don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deontas de €90,000 a chur ar fáil. Rinneadh atógáil ar bhun na cé, cuireadh dromchla nua uirthi agus cuireadh dhá sholas in airde freisin.

Le roinnt blianta anuas tá airgead curtha ar fáil ag an Roinn le feabhas a chur ar bhonneagar Ghabhla, idir bhóithre, chéanna, chóras uisce, chumhacht aibhléise agus shoilse poiblí. Ag tagairt don obair fheabhsúcháin seo dó, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich: “Tá lúcháir orm an fhorbairt úr ag cé Phort an Chrainn a oscailt go hoifigiúil. Tá mise cinnte go gcuideoidh an fhorbairt go léir atá déanta le blianta beaga anuas le daoine atá ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh anseo ar an oileán.”

Osclófar an ché go hoifigiúil mar chuid d’Fhéile Ghabhla 2013, féile bhliantúil atá bunaithe ar chultúr agus traidisiún an oileáin. Dúirt an tAire, ar as Gabhla dá mhuintir féin: “Is cúis mhór áthais domsa a bheith i nGabhla le ceiliúradh a dhéanamh le bunadh an oileáin. Agus lá bródúil é domsa fosta mar gheall ar an cheangal iontach pearsanta atá agam féin leis an áit álainn seo,” a dúirt an tAire.

Tosóidh Féile Ghabhla na bliana seo ag 2pm Dé Sathairn. Ar na siamsaí a bheidh ann ar an chéad lá tá rás cúig chiliméadar, scannán, taispeántas ealaíne agus seanphictiúirí, filíocht agus scéalaíocht. Ar an Domhnach reachtálfar turas báid timpeall oileáin an cheantair agus siúlóid stairiúil ar Ghabhla, beidh ceardlann péinteála ann, seolfar píosa ealaíne úrnua, agus beidh taispeántas rámhaíochta le feiceáil ó Chumann Currach Ghaoth Dobhair.