Published on 

Preasráiteas An tAire Stáit sa Roinn Cosanta, Paul Kehoe, T.D. ag freastal ar Shearmanas Coimisiúnaithe 30ú Rang Daltaí an Aerchóir

D’fhreastail an tAire Stáit sa Roinn Cosanta, Paul Kehoe, T.D., ar Shearmanas Coimisiúnaithe 30ú Rang Daltaí an Aerchóir ag Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill inniu (14ú Feabhra 2014).

Triúr Daltaí a bhí i 30ú Rang Daltaí an Aerchóir; Declan Hickey, Eugene Mohan and Michael Roarty. Ag labhairt leis an triúr oifigeach Aerchóir nuachoimisiúnaithe, dúirt an tAire: “Tá an 30ú Rang Daltaí comhdhéanta de thriúr fear óg ó chúlraí éagsúla, a bhfuil taithí éagsúil acu. Cuirfidh na hOifigigh nua seo leis an raon saibhir buanna agus taithí atá ag comhlacht na n-oifigeach is atá ag fir is mná an Aerchóir mar atá. Guím gach rath orthu ina ngairm bheatha san Aerchór agus iad ag tosú amach inniu ar a n-aistear mar oifigigh choimisiúnaithe.”

Léirigh an tAire Kehoe ómós don Aerchór nuair a dúirt sé “Cuireann an tAerchór go mór leis an raon leathan ról a shanann an Rialtas air. Is léir do chách rath an Aerchóir sna réimsí aeriompair, cosanta iascaigh, aerárthach othar, tacaíocht don Arm agus don tSeirbhís Chabhlaigh agus cuidiú don chumhacht sibhialta. Léiríonn na róil mhóra sin tábhacht an Aerchóir don phobal.”

Léirigh an tAire Kehoe ómós don fhoireann sa Choláiste Míleata agus sa Scoil Oiliúna Eitilte a raibh baint acu leis na Daltaí a ullmhú do dhualgas oifigigh. “Ní mór aitheantas speisialta a thabhairt dóibh as an gcúram agus an díograis a léirigh siad agus iad ag forbairt agus ag cothú na ndaoine óga seo dá ngairm bheatha amach anseo. Tá toradh a gcuid oibre atá le feiceáil inniu agus féadfaidh siad a bheith bródúil as an obair mhaith atá déanta acu.”