Published on 

Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny faoi bhás an Iar-Thaoisigh Albert Reynolds.

Ba chúis mhór bróin dom a chloisteáil ar maidin gur bhásaigh an tIar-Thaoiseach Albert Reynolds.

Cásaím a bhás lena bhean chéile Kathleen, lena chlann agus lena mhuintir ar fad.

Déanaim comhbhrón freisin le ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus le páirtí Fhianna Fáil faoi bhás a n-iarcheannaire.

Le linn a thréimhse ina Aire Tionscail agus ina Aire Airgeadais, chuir Albert Reynolds fuinneamh agus borradh faoi fhorbairt gnó agus fás an gheilleagair

Ina Thaoiseach, bhí baint thábhachtach aige le daoine a raibh tuairimí éagsúla acu ó thaobh na polaitíochta i dTuaisceart Éireann a thabhairt le chéile agus mar thoradh air sin chuidigh sé go mór leis an bpróiseas síochána a fhorbairt, próiseas ónar tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta.

Ar dheis De go raibh a anam.