Published on 

Scéim 2014-2017 na Roinne Cosanta faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm

Tá sé fógartha ag an Roinn Cosanta inniu go bhfuil an tríú Scéim Teanga a bhainfidh leis an tréimhse 2014 go 2017 i bhfeidhm. Ullmhaíodh an Scéim, a tháinig i bhfeidhm inniu, Dé Luain an 3ú Márta, 2014 de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é cuspóir na Scéime nua an soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a neartú agus leantar leis an obair a tionscnaíodh i scéimeanna roimhe seo na Roinne. Tá an scéim le fáil lena léamh ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.defence.ie.

Is éard a dúirt an tAire Shatter maidir le cur i bhfeidhm na Scéime Gaeilge “ Cuirim fáilte roimh an Scéim Teanga seo, an tríú Scéim Gaeilge ón Roinn. Neartóidh sé an dul chun a rinneadh i Scéimeanna roimhe seo agus féachfar cur leis na Seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn trí Ghaeilge. Táim ag súil le dul chun cinn leanúnach ina leith seo.”