Published on 

Scoileanna, comhlachtaí náisiúnta spóirt chun nóiméad ciúnais a choiméad in ómós dóibh siúd ar fad a d'éag le linn an Ghorta Mhóir

(Déardaoin, 9ú Bealtaine 2013) Ghabh Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, buíochas leis na scoileanna ar fad ar fud na tíre a bhfuil sé beartaithe acu nóiméad ciúnais a choimeád ar an Aoine, 10ú Bealtaine 2013.

Tá iarrtha ag an Aire Deenihan freisin ar eagraíochtaí náisiúnta spóirt nóiméad ciúnais a choimeád ag imeachtaí poiblí a bheidh ar bun ar fud na tíre ar an Domhnach, an 12ú Bealtaine 2013. Tá na comharthaí ómóis seo ag tarlú i gcuimhne orthu siúd ar fad a d'éag agus a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir.

Tá iarrtha ar dhaltaí i ngach bunscoil agus meánscoil sos a ghlacadh ar feadh nóiméid ag meán lae ar an Aoine, 10ú Bealtaine 2013, chun machnamh a dhéanamh orthu siúd ar fad a cailleadh le linn an Ghorta Mhóir agus ar ghorta agus ocras ar fud an domhain.

Dúirt an tAire Deenihan: “Is iontach go deo an tacaíocht a léiríonn scoileanna don tionscnamh seo. Gach bliain glacann siad páirt i nóiméad ciúnais agus leanann siad de sin i mbliana agus iad ag léiriú meas orthu siúd ar fad a d'fhulaing le linn an ghorta. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí spóirt ar fad a bhfuil sé beartaithe acu páirt a ghlacadh sa nóiméad ciúnais chun Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a chomóradh i mbliana agus áitím ar dhream eile smaoineamh amhlaidh. Tá cultúr agus stair na hÉireann fite fuaite leis an spórt agus, mar sin, creidim go léireofar ár meas agus ár dtuiscint ar an gcruatan a d'fhulaing daoine trí nóiméad ciúnais a choimeád ag imeachtaí spóirt.

“Agus muid ag tógáil ama chun ár stair féin den ghorta a thabhairt chun cuimhne, táimid freisin ag méadú feasachta ar cheist an ocrais ar fud an domhain. Níl aon amhras ach go raibh tionchar ag an nGorta Mór ar an meon atá againn in Éirinn ó thaobh gorta ar fud an domhain sa lá atá inniu ann agus tá Éire tiomanta d'fhóirithint dhaonnúil a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sé ag teastáil uathu. Léiríonn ár dtiomantas láidir do chabhair dhaonnúil a chur ar fáil do thíortha a bhfuil géarchéim ocrais iontu ár dtuiscint agus ár mbá le cásanna reatha ar fud an domhain.”

Dúirt an tAire freisin, “I gcuimhne orthu siúd a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir, a d'éag, a chaill a muintir agus a dteaghlaigh, ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil libh as bhur dtacaíocht, bhur meas agus bhur nóiméad ciúnais.”

Beidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2013 ar siúl ar an Domhnach, an 12ú Bealtaine, i gCill Rois, Co. an Chláir agus tugtar cuireadh don phobal freastal ar an searmanas ina mbeidh searmas foirmiúil Stáit agus gné phobail mar chuid de. Beidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór ar siúl i Sydney ar an Domhnach, an 25ú Lúnasa.

Cuireadh tús le clár iomlán deich lá d'imeachtaí roimh Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i gCill Rois ar an Aoine, an 3ú Bealtaine 2013. Áiríonn sé seo sraith léachtaí, siúlóidí, turais, aithrisí, drámaíocht, ceol, taispeántais agus searmanais áitiúla chuimhneacháin. Ní bheidh aon chostas á ghearradh as freastal ar cheann ar bith de na himeachtaí agus beidh boscaí carthanachta i gcuid de na hionaid ionas go bhféadfaidh daoine síntiúis a thabhairt ar son carthanais atá ag dul i ngleic leis an ngorta ar fud an domhain.

Tabharfaidh na himeachtaí chun cuimhne an tionchar a bhí ag an nGorta Mór ar mhuintir agus ar thírdhreach Aontas Dhlí na mBocht i gCill Rois. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Baile Chill Rois:

http://www.kilrush.ie

agus

http://www.faminecommemoration2013.ie/