Published on 

Straitéis nua gairmeacha AE na hÉireann seolta ag an Aire Byrne

Sheol Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, “Gairm san AE” inniu, Straitéis na hÉireann chun ionadaíocht na hÉireann in Institiúidí agus Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a mhéadú.

 

Dúirt an tAire:

 

Tá ríméad orm an straitéis thábhachtach seo a sheoladh inniu agus ceann de na príomhghealltanais a tugadh i gClár an Rialtais a chur i gcrích. Leagtar amach in “Gairm san AE” na bearta a ghlacfaimid le cinntiú go leanfaidh tionchar na hÉireann laistigh d’institiúidí an Aontais sna blianta amach romhainn.

Is mian linn a chinntiú go leanfaidh saoránaigh na hÉireann ar aghaidh ag freastal ar institiúidí an Aontais. Má dhéantar sin, beidh siad i gcroílár na hEorpa, agus múnlóidh siad todhchaí ár nAontais comhroinnte.”

 

Sa straitéis nua tá gníomhartha a bhfuil sé mar aidhm acu líon na n-oifigeach Éireannach i róil bhuana agus i róil shealadacha laistigh d’Institiúidí an Aontais a mhéadú go suntasach.

Tá “Gairm san AE” á sheoladh ag am a bhfuil ionadaíocht na hÉireann i measc fhoirne na n-institiúidí Eorpacha faoi bhagairt toisc “aill dhéimeagrafach”, mar a thugtar uirthi, i bhfianaise go rachaidh cuid mhaith d’oifigigh shinsearacha na hÉireann ar scor roimh i bhfad.  Cé go bhfuil ionadaíocht na hÉireann leordhóthanach ar fud na bhfoirne in institiúidí an Aontais faoi láthair, tá líon a hoifigigh atá tar éis tosú sna hinstitiúidí agus iad siúd a bhfuil ról meánbhainistíochta acu níos lú ná mar ba ghnách.

 

Is aidhm don straitéis nua feasacht a ardú in Éirinn maidir le gairmréimeanna san Aontas Eorpach i ngach réimse agus líon na n-Éireannach atá ag cur isteach ar na poist in institiúidí AE a ardú. Tabharfar tacaíocht fheabhsaithe agus spriocdhírithe d’iarrthóirí Éireannacha atá ag ullmhú le haghaidh comórtais do phoist AE mar thoradh uirthi freisin.

 

Má tá suim agat sa straitéis a léamh agus tuilleadh eolais a fháil faoi na tacaíochtaí a sholáthraítear d’iarrthóirí Éireannacha ar phoist AE, is féidir níos mó a fhoghlaim ag: www.dfa.ie/eujobs

 

CRÍOCH

Preasoifig

5 Bealtaine 2021

 

Nóta d'eagarthóirí:

 

“Gairm san AE”

Is é aidhm don Straitéis nua “Gairm san AE” an líon Éireannach a dhéanann iarratas ar róil in Institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus a n-éiríonn leo, a mhéadú.

Tá na príomhbhearta seo a leanas sa straitéis:

  • An feachtas faisnéise atá ann faoi láthair faoi phoist leis an Aontas Eorpach a mhéadú, tuilleadh bolscaireachta agus for-rochtana do mhic léinn dara agus tríú leibhéal san áireamh.
  • Tacaíocht agus oiliúint shaincheaptha a chur ar fáil do gach iarrthóir Éireannach a chuireann isteach ar phoist in Institiúidí an Aontais.
  • Acmhainní breise a chur ar fáil atá tiomanta do thacú le húsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais, ábhar oiliúna a chur ar fáil as Gaeilge san áireamh.
  • An maoiniú le haghaidh na Scéime Lármhaoinithe le haghaidh Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht a mhéadú chun gur féidir 50 státseirbhíseach Éireannach a thabhairt ar iasacht d’Institiúidí AE gach bliain, i gcomparáid leis na 24 státseirbhíseach a thugtar faoi láthair.
  • An clár reatha scoláireachta a leathnú, chun gur féidir le 10 mac léinn Éireannach iarchéime, ar a laghad, staidéar a dhéanamh ag Coláiste na hEorpa in Brugge agus Natolin.
  • Sruth a chruthú laistigh de státseirbhís na hÉireann le haghaidh speisialtóirí AE, a dtabharfar cúnamh dóibh agus iad ag cur isteach ar phoist le hinstitiúidí an Aontais.

Tá téacs iomlán na straitéise (foilsithe ar an 6 Bealtaine 2021) ar fáil ag: www.dfa.ie/eujobs