Bhí An Taoiseach Enda Kenny agus an tAire Stáit Brian Hayes i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo inniu (21 Feabhra) chun eochracha iarstáisiúin an Gharda a thabhairt ar láimh um úsáid phobail. Chuir grúpa áitiúil, Coiste Cultúr Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh Teo, togra faoi bhráid an OPW mar chuid den Pholasaí Diúscartha um iarstáisiúin an Gharda. Tá an Coiste páirteach in athbheochan na Gaeilge agus tagann na baill ó chuid mhór de na coistí agus eagraíochtaí i dTuar Mhic Éadaigh agus sa cheantar máguaird.
Ag labhairt dó ar an ócáid, dúirt an Taoiseach, “Tá áthas orm go mbeidh Stáisiún an Gharda ag Tuar Mhic Éadaigh mar láthair nua ag Coiste Cultúr Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh. Ón láthair nua, déanfaidh na heagraíochtaí seo sárobair do cheantar Thuar Mhic Éadaigh maidir le turasóireacht agus gnóthais áitiúla a chur chun cinn. Molaim iad de bhrí gur éirigh leo san iarratas uathu chuig an OPW chun stáisiún an Gharda a chur in úsáid san obair luachmhar phobail atá ar bun acu agus guím gach rath orthu san láthair nua.”
Chuir an tAire Hayes fáilte freisin roimh aistriú na n-eochracha chuig an phobal áitiúil agus léirigh sé an polasaí feasta maidir leis na háitribh uile dá leithéid; dúirt sé, “Cé gur tosaíocht againn na suíomhanna seo a dhíol nó a úsáid um ghnóthaí eile Stáit, measfar go cúramach tograí ó ghrúpaí pobail a léiríonn cumas go dtí seo maidir le seirbhísí áitiúla a sholáthar dá bpobal féin. Léiríonn Coiste Cultúr Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh Teo an spiorad fiontraíochta pobail sin go soiléir; molaim an cur chuige réamhghníomhach acu agus guím gach rath orthu ins na himeachtaí atá ar intinn acu amach anseo.”
-Críoch-
Um breis eolais agus más mian leat an tAire Hayes a chur faoi agallamh, déan teagmháil le do thoil le Colette Davis, Preasoifigeach OPW ag 046 942 6128, 087 947 5552 nó colette.davis@opw.ie
Nótaí um Eagarthóirí:
Coiste Cultúr Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh Teo
Is comhlacht teoranta é Coiste Cultúr Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh Teo le 8 stiúrthóir ón phobal áitiúil. Tá an Coiste páirteach in athbheochan na Gaeilge agus tagann na baill ó chuid mhór de na coistí agus eagraíochtaí i dTuar Mhic Éadaigh agus sa cheantar máguaird. Oibríonn an Coiste le Comhairle Contae Mhaigh Eo, Údarás na Gaeltachta, Fóram Pobail Chontae Mhaigh Eo, Comhpháirtíocht Spóirt Mhaigh Eo, Líonra Pobail Tuaithe Ghleann an Tóchair, Cúram Leanaí Chontae Mhaigh Eo, Siúlóidí Mhaigh Eo, Maigh Eo faoi Ghluais (Mayo in Motion), Croí, Coillte, scéimeanna TUS, FAS agus RSS ag Comhlacht Forbartha Iar-Dheiscirt Mhaigh Eo. Tá sé i gceist ag an Choiste an foirgneamh a úsáid le haghaidh na n-imeachtaí seo a leanas:
Gach gné den turasóireacht i dTuar Mhic Éadaigh a chur chun cinn i.e. áiteanna suime/ imeachtaí lasmuigh/spóirt
Gnóthais áitiúla/ceardaíocht/oidhreacht/etc agus seirbhísí agus áiseanna áitiúla sa cheantar a chur chun cinn chomh maith le Pobal ar Aire
Láthair scíthe a sholáthar do theaghlaigh a bhaineann feidhm as an pháirc nua caitheamh aimsire
Spás a sholáthar don mhaoirseoir TUS
Láthair bheag um chruinnithe eagraíochtaí a sholáthar
An foirgneamh a choimeád agus a chothabháil ar deachaoi le cabhair ó scéimeanna reatha agus baill an phobail
Stáisiúin an Gharda a dhúnadh
Is ceist phóilíneachta faoin Aire Dlí & Cirt/An Garda Síochána í stáisiúin an Gharda a dhúnadh.
Fógraíodh 139 stáisiún le dúnadh faoin dá phlean póilíneachta i.e. 39 um Nollaig 2011 agus 100 um Nollaig 2012. I mí an Mhárta 2013 d’fhógair an tAire Hayes polasaí diúscartha an OPW, mar seo a leanas go hachomair:
Rogha 1) Úsáid um ghnóthaí eile Stáit;
Rogha 2) Díol ar an mhargadh oscailte;
Rogha 3) Iarratais a mheas ó Ghrúpaí Pobail/Deonacha, sa chás nach oiriúnach iad Roghanna 1 agus 2 (ar cibé cúis).
Cineálacha Grúpaí Pobail/Deonacha:
Tá suim léirithe ag grúpaí éagsúla deonacha/pobail/spóirt um úsáid a fháil. Ar na samplaí úsáide áirítear áit chruinnithe pobail, drámaíocht amaitéarach, cumainn tuismitheoirí, coistí féile, grúpaí spóirt (um chruinnithe seachas oiliúint), láthair um bronnadh duaiseanna i ndiaidh imeachtaí, gasóga, grúpaí rince, áit chruinnithe ag cumainn gníomhaíochta lucht scoir, cluichí cártaí, cúrsaí oiliúna nó cóisir do leanaí.
Scrúdaítear Roghanna 1 agus 2 go hiomlán roimh iarratais ó ghrúpaí éagsúla a mheas.
Go dtí seo, thug an OPW 13 iarstáisiún an Gharda ar láimh um úsáid phobail:
Baile an Chaisleáin, Co. Mhaigh Eo
Baile an Mhóta, Co. Shligigh
Lios an Phúca agus Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
Cliafuine, Co. Shligigh
Uachtar Thíre, Co. Ros Comáin
Droim dhá Thiar, Co. Liatroime
Ardán Fhearchair, Baile Átha Cliath
Cill Gharbháin, Co. Chiarraí
An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo
An Bun Beag, Co. Dhún na nGall