Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas €63,000 do Choláiste UISCE

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu (Dé Máirt 16 Aibreán, 2013), go bhfuil deontas €63,000 á cheadú aige do Choláiste UISCE, Co. Mhaigh Eo chun cur ar a chumas réimse beart a thacóidh tuilleadh le treisiú na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i leithinis Bhéal an Mhuirthead a chur sa siúl. Cuimsítear sa deontas seo chomh maith allúntas faoi leith a chuirfidh ar chumas an Choláiste cúrsa Gaeilge faoi leith a bheidh dírithe ar dhéagóirí na Gaeltachta agus ar lucht freastail Gaelcholáistí na tíre le hardchaighdeán Gaeilge acu a reáchtáil. Beidh sé mar phríomhchuspóir an chúrsa seo scileanna ceannaireachta teanga a fhorbairt i measc an lucht freastail.

Dúirt an tAire Stáit: “Nuair a sheol mé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012 bhí se luaite ann go mbeimis mar Roinn ag díriú go sonrach ar bhearta faoi leith a chur sa siúl a bheadh dírithe ar aos óg na Gaeltachta ach go háirithe. Le maoiniú an chúrsa faoi leith seo cuirfear an deis ar fáil do dhéagóirí na Gaeltachta le hardchaighdeán Gaeilge, freastal a dhéanamh ar chúrsa a threiseoidh na scileanna ceannaireachta atá acu le go mbeidh siad in ann tionchar a imirt ar iompar teanga na ndaoine timpeall orthu.”

Dúirt sé chomh maith gur léiriú eile an t-allúntas ar thiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm praiticiúil na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus do thiomantas a Roinne féin cuidiú le neartú na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantar Iorrais.