Foilsithe ar 

Tugann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich cuairt ar Chonamara agus ar Ghaillimh

Dé hAoine, 16 Bealtaine—Beidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gContae na Gaillimhe inniu le freastal ar roinnt imeachtaí sa chathair agus i gConamara.

Tosóidh an tAire Stáit ar 11.30am i Leitir Mealláin, mar a bhfuil an tIonad Oidhreachta a bhí i gCaladh Ghólaim le hathlonnú go dtí an t- ionad nua ag Comhar Choigéil. Déanfaidh an tAire Stáit an t-ionad a oscailt go hoifigiúil agus tabharfaidh sé cuairt ansin ar thrá Leitir Mealláin chun bád le John Bhaba Jeaic Ó Confhaola a leáinseáil.

San iarnóin (5pm) beidh an tAire Stáit i Seanscoil na Mine in Indreabhán le teastais i gcleachtais ceardaíochta de chuid Pastime Chonamara a bhronnadh.

Sa tráthnóna (7.30pm) beidh an tAire Stáit ag bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá. Is chun aitheantas a thabhairt do shárchaighdeáin in earnáil na cumarsáide Gaeilge, idir aisteoireacht, iriseoireacht, craoltóireacht is uile, a bhronntar na gradaim seo.

Ag labhairt roimh an gcuairt, dúirt an tAire Stáit, “Cuireann sé áthas orm cuireadh a fháil an gradam seo a bhronnadh anocht. Tá cáilíocht agus caighdeán na n-iomaitheoirí ag dul i bhfeabhas ó bhliain go bliain, ar aon dul leis an saothar a chuireann siad ar fáil.”