Foilsithe ar
Maoiniú fógartha ag an Aire Martin agus an Aire Stáit Chambers chun oibreacha caipitil a dhéanamh ar oileáin éagsúla ar fud na tíre.
D’fhógair Catherine Martin, T.D. Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta agus Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt deontas de luach beagnach €700,000 chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin éagsúla ar fud na tíre. Is do Chomhairlí Chontae Chorcaí, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall atá na deontais ceadaithe mar seo a leanas:
Comhairle Contae Chorcaí | €279,054 |
Comhairle Contae Mhaigh Eo | €341,250 |
Comhairle Chontae Dhún na nGall | €79,500 |
Beidh na Comhairlí Contae ag cur cómhaoiniú ar fáil.
Tá súil ag an Roinn bheith ábalta deontais a fhógairt do oileáin eile go luath.
Is iad na hoileáin atá i gceist ná Faoide, Cléire agus An tOileán Mór, i gContae Chorcaí, Cliara, Inis Toirc, Cloigeann, an céibh ag Rú an Átha agus an Sean Céibh ag Rú An Átha i gContae Mhaigh Eo, Oileán an Bhráighe, Inis Bó Finne agus Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall.
Dúirt na hAirí go raibh an-áthas orthu an fógra seo a dhéanamh.
Léiríonn an fógra seo inniu maidir le cúnamh do mhionoibreacha a chur i gcrích ar na hoileáin go bhfuil an Rialtas tiomanta acmhainní a sholáthar i dtreo na hoileáin le cur lena n-infreastruchtúr
a dúirt an tAire Martin.
Ag labhairt dó faoin maoiniú seo, dúirt an tAire Stáit Chambers:
Ceadaíodh airgead breise don chlár mionoibreacha mar chuid den phacáiste a d’fhógair an Rialtas le déanaí. Déanfar tuilleadh maoiniú a cheadú do thograí ar oileáin eile go gairid