Foilsithe ar 

Allúntas €1,027,613 thar trí bliana do Thuismitheoirí na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, inniu 15ú Meitheamh, 2018 beart tacaíochtaí breise a bheidh dírithe ar threisiú a dhéanamh ar earnáil an teaghlaigh sa Ghaeltacht. Tá an t-allúntas breise á cheadú mar thaca breise d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta araon, atá mar chuid lárnach d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Infheistíocht bhreise do Thuismitheoirí na Gaeltachta

Tá fógartha aige go bhfuil allúntas suas le €1,027,613 thar an tréimhse 2018 go 2020  á cheadú aige don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Cuirfidh an t-allúntas seo ar chumas na heagraíochta leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a sholáthraíonn siad do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mian leo sin a dhéanamh, agus go háirithe chun freastal ar na riachtanais a thagann chun cinn i gceantair phleanála teanga Ghaeltachta.  Bainfear leas as an allúntas seo chun:

  • 6 phost a chruthú chun an clár tacaíochta a sholáthar sna réigiúin ábhartha Ghaeltachta;
  • an tseirbhís a chuireann siad ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe agus Thír Chonaill cheana féin a fhorbairt tuilleadh agus freastal ar an éileamh i gceantair Ghaeltachta eile; agus
  • san áireamh san allúntas seo, tá maoiniú á chur ar fáil i leith an Phacáiste Tacaíochta Teaghlaigh, a bunaíodh in 2012 agus a mbeidh an fhreagracht maidir lena riar á haistriú ón Roinn chuig Tuismitheoirí na Gaeltachta in 2019.

Dúirt an tAire Stáit:

Le fógairt na dtacaíochtaí breise seo, tá céim mhór chun tosaigh tógtha a bheidh ar leas theaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo sin a dhéanamh. De thoradh maoiniú breise a bheith curtha ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta, beimid in ann cuidiú tuilleadh le teaghlaigh óga na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Cuirfear go suntasach le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga atá ag bailiú nirt anois ó cheann ceann na Gaeltachta.

Dúirt sé gur beart suntasach breise é seo atá dírithe ar réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht go sonrach agus go mbeidh sé cuimsithe mar chuid de raon beart eile i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bheidh á sheoladh ag an Aire Stáit go gairid.