Foilsithe ar 

Allúntas €810,000 thar trí bliana don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht fógartha ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, beart tacaíochtaí breise inniu a bheidh dírithe ar threisiú a dhéanamh ar an earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá an t-allúntas breise á cheadú mar thaca breise d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon, atá mar chuid lárnach d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Infheistíocht bhreise do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

Tá fógartha aige go bhfuil allúntas €810,000 thar an tréimhse 2018 go 2020 (€270,000 in aghaidh na bliana) á cheadú aige don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG). Cuirfidh an t-allúntas seo ar chumas na heagraíochta leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do sheirbhísí luathbhlianta na Gaeltachta. Bainfidh CNNG leas as an allúntas i mbliain a haon chun:

  •   beirt oifigeach cúnta breise a fhostú;
  •   8 seirbhís luathbhlianta sa Ghaeltacht a thabhairt faoi chúram CNNG;
  •   tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do suas le 20 seirbhís a fheidhmíonn trí Bhéarla sa Ghaeltacht faoi láthair chun go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn iontu.

De thoradh ar an maoiniú breise seo, tiocfaidh fás ar an méid a bhaineann CNNG amach ar leas an réimse luathoideachais Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is sa bhreis ar an tacaíocht bhliantúil ar fiú €535,000 a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil do Comhar Naíonraí na Gaeilge atá an t-allúntas breise trí bliana ar fiú €810,000 á cheadú.  San áireamh san allúntas bliantúil €270,000 atá ceadaithe, tá maoiniú á chur ar fáil i leith riar Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile, a bunaíodh in 2014 agus a bhfuil an fhreagracht maidir lena riaradh á haistriú ón Roinn chuig CNNG faoi scáth Údarás na Gaeltachta.

Cúnamh breise caipitil don earnáil luathoideachais Gaeltachta

Comhthreomhar leis an tacaíocht bhreise reatha atá á cur ar fáil anois ag an Roinn d’earnáil na luathbhlianta, d’fhógair an tAire Stáit chomh maith go mbeidh an t-uasleibhéal cúnaimh a bheidh ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne i leith áiseanna san earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht ardaithe ó 80% go dtí 95%. Tiocfaidh an socrú seo i bhfeidhm láithreach.

Tacóidh an cúnamh breise seo leis an soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú tuilleadh sna ceantair Ghaeltachta agus dá réir, leis an ngealltanas atá tugtha sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 maidir le maoiniú agus acmhainní breise a chur ar fáil do naíonraí atá ann cheana féin, do naíonraí nua agus do shuíomhanna eile oideachais sna luathbhlianta.

Dúirt an tAire Stáit:

Le fógairt na dtacaíochtaí breise seo, tá céim mhór chun tosaigh tógtha a bheidh ar leas teaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo é sin a dhéanamh. De thoradh maoiniú breise a bheith curtha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus an cúnamh caipitil breise a bheidh mo Roinn in ann a chur ar fáil don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht, beimid in ann cuidiú tuilleadh leis an earnáil agus i ndeireadh báire, le teaghlaigh óga na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. De thoradh an méid seo cuirfear go suntasach le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga atá ag bailiú nirt anois ó cheann ceann na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit chomh maith go bhfuil sé i gceist beart eile faoi leith a fhógairt go gairid i gcomhar lena chomhghleacaí Rialtais agus an tAire ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige Dr. Katherine Zappone, i gcomhthéacs Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais d’fheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 -  a fhoilseofar go luath.

Is ar na réimsí gnímh a leanas den Straitéis 20 Bliain: An Ghaeltacht; Oideachas; agus An teaghlach ag cur na teanga ar aghaidh – idirghabháil go luath, atá na bearta seo dírithe.