Foilsithe ar 

Clár comórtha suntasach don bhliain 2020 maidir le Deich mBliana an Chuimhneacháin arna fhógairt ag an Aire Josepha Madigan T.D., an Tánaiste Simon Coveney T.D., agus an tAire David Stanton T.D

D'fhógair Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu clár suntasach imeachtaí comórtha i rith na bliana 2020 maidir le Deich mBliana an Chuimhneacháin, agus clár comórtha suntasach san áireamh i gcuimhne ar imeachtaí suntasacha a thit amach i gCathair Chorcaí, agus ar fud Chontae Chorcaí, sa bhliain 2020. Labhair an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Comhionannas, Imirce agus Imeascadh, David Stanton TD freisin ag an ócáid i Halla na Cathrach i gCorcaigh.

Ar na hócáidí suntasacha a mbainfidh comóradh an chéid leo ar fud na hÉireann agus thar sáile i rith na bliana seo chugainn, áirítear: Toghcháin áitiúla na bliana 1920 (Eanáir), Ceannairc na Connaught Rangers (Mí Meithimh), Loisceadh Bhaile Brigín (Mí Meán Fómhair), Domhnach na Fola (Mí na Samhna), agus Caoimhín de Barra a chur chun báis (Mí na Samhna).

Baineann tábhacht faoi leith le Corcaigh maidir le clár na bliana 2020 faoi Dheich mBliana an Chuimhneacháin. Beidh clár suntasach cuimhneacháin ar siúl i rith na bliana ar fud chathair agus chontae Chorcaí mar chomóradh ar na himeachtaí claochlaitheacha a thit amach céad bliain ó shin – lena n-áirítear bás bheirt de shaoránaigh mór le rá na cathrach, Tomás Mac Curtáin (Mí Márta) agus Traolach Mac Suibhne (Mí Deireadh Fómhair); Luíochán Chill Mhichíl agus loisceadh Chathair Chorcaí (Mí na Nollag).

Beidh réimse leathan de thionscnaimh cuimhneacháin eile ar siúl i rith na bliana 2020, ina measc: sraith de léachtaí poiblí, clár leanúnach sparánachtaí d'ealaíontóirí agus do scríbhneoirí, camchuairt Thobmhúsaem na mBan agus Comórtas Dheich mBliana an Chuimhneacháin maidir le Stair na hÉireann do scoileanna.

Is é atá de chuspóir ag an Stát a chinntiú go ndéantar cuimhniúchán ar chéad bliain ó tharla Gluaiseacht na Saoirse ar bhealach atá oiriúnach, lán de bhrí, stuama, staidéartha le haird ar dhlisteanas na dtraidisiún go léir, ar mheas ar a chéile agus ar chruinneas ó thaobh na staire.

Dúirt an tAire Madigan:

I m'Aire dom ar a leagtar de chúram ceannródaíocht a dhéanamh maidir le Deich mBliana an Chuimhneacháin, leagtar de ról orm deiseanna a chruthú a spreagann daoine den uile thraidisiún chun cíoradh stuama a dhéanamh ar thuairimíocht de chineálacha éagsúla maidir leis an stair a bhaineann linn ar fad. Cuirimse romham córas cúnta a chur ar fáil lena gcinntítear go ndéantar comóradh ar na himeachtaí anróiteacha a tharla i rith Ghluaiseacht na Saoirse ar bhealach tomhaiste neamhpháirte lena gcothaítear cuimhneachán measúil agus athmhuintearas.

Leanfar faoi chlár na bliana 2020 den bhéim leathanréimseach lena n-admhaítear bearta trodaíochta i rith Ghluaiseacht na Saoirse chomh maith leis na gnéithe iomadúla eile a bhí fite fuaite leis an gcoimhlint, na gnéithe polaitíochta, sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta ina measc. Dírítear aird freisin ar na bearta suntasacha a baineadh amach maidir leis an daonlathas ag an am, parlaimint nua a chur ar bun chomh maith le córas riaracháin an Stáit.

Táim ag tnúth leis an bpáirtíocht agus leis an gcomhar leanúnach i rith na bliana 2020 leis na geallsealbhóirí éagsúla, ina measc na forais náisiúnta cultúir; údaráis áitiúla agus forais léinn, cartlanna, gluaiseacht na gceardchumann, na meáin chumarsáide, agus an lucht cruthaitheachta a bhfuil tionscnaimh cuimhneacháin á gcur i gcrích acu lena mbaineann staidéar, dánaíocht agus ionracas. Beidh bhur gcuid rannpháirtíochta cinniúnacha maidir leis an gcomhrá náisiúnta tomhaiste stuama faoi imeachtaí a tharla céad bliain ó shin a spreagadh, trí dhíospóireacht agus plé staidéartha, soicheallach, macánta a chothú idir saoránaigh lena léirítear meas ar ghnéithe logánta den chomhthéacs.

Dúirt an Tánaiste, Simon Coveney:

Is ábhar ríméid agam a fhógairt go mbeidh clár suntasach comórtha ar siúl i rith na bliana, arna riar ag Comhairle Cathrach Chorcaí, i gcomhar le Comhairle Chontae Chorcaí agus le haitheantas, cúnamh agus rannpháirtíocht an Stáit. Beidh ócáid shuntasach comórtha san áireamh, le deasghnátha uile searmanais Stáit, imeacht rannpháirtíochta pobail agus sraith ócáidí cathartha ar a n-áirítear taispeántais agus cúnamh taca don phobal agus do scoileanna i gcomharsanachtaí éagsúla i mbun cíoradh agus machnamh a dhéanamh ar na heachtraí a thit amach i gCathair Chorcaí agus i gContae Chorcaí i rith na bliana 1920.