Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Martin roimh ceapachán Dara Calleary mar Aire Stáit Gaeltachta, Gaeilge agus Spóirt

Tá fáilte curtha ag Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt, Cultúir agus Gaeltachta, roimh ceapachán Phríomh-Aoire an Rialtais, Dara Calleary TD mar Aire Stáit Gaeltachta, Gaeilge agus Spóirt inniu.

Dúirt an tAire Martin go bhfuil cás na Gaeilge agus na Gaeltachta rí-thábhachtach don Rialtas nua agus di fhéin go pearsanta agus go bhfuil sí ag súil go mór le bheith ag obair as lámha a chéile leis an Aire Stáit nua ar mhaithe lena gclár oibre leathan sa Roinn nua a chur chun cinn. Tá sé ar intinn aici cuairt a thabhairt ar cheantar Gaeltachta i dteannta an Aire Stáit nua gan mhoill.

Tá sé léirithe ag an an Aire Stáit Calleary le linn a théarma mar Theachta Dála go bhfuil spéis ar leith aige sa teanga agus i bhforbairt na Gaeltachta agus go bhfuil tuiscint rí-mhaith aige ar na dúshláin atá amach roimh pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge i gcoitinne ar an oileán,

a dúirt an tAire Martin.

Agus an tAire Stáit ceaptha cheana féin mar Phríomh-Aoire an Rialtais, is ceapachán den scoth é seo a chinnteoidh stádas ar leith do cheist na Gaeltachta agus na Gaeilge ag bord an Rialtais agus a chuirfidh dlús le cur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i measc an phobail agus trasna an státchóras.

Ag labhairt dhó tar éis a cheapacháin, dúirt an tAire Stáit Calleary, go raibh sé ag tnúth go mór le tús a chur leis an ról.

Aithníonn an Rialtas an tábhacht faoi leith atá ag baint leis an nGaeilge mar chéad teanga na tíre, mar theanga bheo, agus mar chuid riachtanach d’ár n-oidhreacht mar oileán. Tá muid diongbháilte cur le feiceálacht ár dteanga dhúchais agus cur le líon na gcainteoirí laethúla sa bpobal. Mothaím go paiseanta faoi chosaint agus chaomhnú na Gaeltachta chun a chinntiú go mairfidh siad mar thobar den teanga bheo.

Maidir lena chúram spóirt, dúirt an tAire Stáit:

Táim ag súil go mór le gach uile iarracht a dhéanamh chun a chinntiú go bhfillfidh muid ar imeachtaí spóirt a chinnteoidh sábháilteacht do chách. I rith na paindéime Covid-19, tá tugtha faoi deara againn go bhfuil ardú tagtha ar an líon daoine atá i mbun aclaíochta – ag rith, ag rothaíocht agus ag siúl – mar go bhfuil daoine ag iarraidh aire a thabhairt dá sláinte. Beidh muid ag tógáil air sin de réir a chéile chun sláinte an phobail a fheabhsú tré chéile le linn mo théarma oifige. Déanfar cinnte chomh maith go dtabharfar cúnamh d’ár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta chun a gcuid spriocanna a bhaint amach agus an náisiún a spreagadh lena gcuid iarrachtaí.