Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Madigan roimh mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon le haghaidh Ealaíontóirí

D’fháiltigh Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, roimh fhógra ón gComhairle Ealaíon maidir le maoiniú ar fiú beagnach €7 milliún é le haghaidh breis agus 100 ealaíontóír, eagraíocht ealaíon agus togra ar fud na tíre. Cuirfear borradh mór faoin tionscadal le maoiniú thar réimse séanraí ealaíon lena n-áirítear sorcas, damhsa, scannánaíocht, féilte, litríocht, ceol, drámaíocht agus traidisiúnta, ar fud na hÉireann go léir agus go deimhin go hidirnáisiúnta.

Is léiriú é fógra an lae inniu ar chreat maoinithe nua na Comhairle Ealaíon, atá ceaptha go sonrach chun a straitéis Making Great Art Work a bhaint amach.

Le linn na bliana, déanfaidh an Chomhairle Ealaíon, arna maoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, €68.4 milliún a infheistiú sna healaíona.

Ag labhairt di faoi fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Madigan:

Is cúis áthais dom an infhestíocht seo inár n-ealaíona a fhógairt. Cuireann ealaín go mór linn go pearsanta, tugann sí spreagadh dár bpobal agus is bealach don phobal í chun é féin a chur in iúl, cothaíonn sí ildánacht agus samhlaíocht ionainn agus spreagann sí ár ngeilleagar trí ildánacht agus nuálaíocht.  Meallann sé daoine ar thurasóireacht go hÉirinn, ach thairis sin arís, tugann na healaíona in Éirinn le chéile sinn -- agus daingníonn siad an caidreamh sin.  Is léirléamh, ceistiú agus agus léiriú í an ealaín ar ár bhfeiniúlachtaí éagsúla.

 

Maidir leis an dualgas atá orm mar Aire, ní hé an dualgas sin a bheith i mbun ealaíne ach tacaíocht a thabhairt don ealaín agus ealaíontóirí a chumasú trí dhul chun cinn agus infheistíocht a chothú.  Is eol dom freisin an ról riachtanach, lárnach atá ag an gComhairle Ealaíon maidir leis na healaíona a chothú agus spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

 

Tá ról ag an stát i dtaobh tacú leis na healaíona. Is cúis bhróid é gur pobal sinn a léiríonn meas ar ár n-ealaíontóirí. Is ionann sin agus a rá go bhfuilimid ag déanamh ár ndícheall chun an ealaín a chur mar chuid bhunúsach de shaol an tsaoránaigh. Brúfaidh an clár iontach maoinithe a fógraíodh inniú an clár oibre sin chun cinn i mbliana agus sna blianta atá amach rómhainn.