Foilsithe ar 

Máistirphlean Léirmhíniúcháin nua seolta chun cur le heispéireas an turasóra i bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclanna na hÉireann

Infheistíocht ar fiú na milliúin í chun cuidiú le páirceanna náisiúnta agus anaclanna eispéiris den scoth a thabhairt do chuairteoirí

Seolann an tAire Madigan agus an tAire Griffin i gcomhar le Fáilte Éireann Tabhair Faoi Chroí Fiáin na hÉireann

Féadfaidh cuairteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a bheith ag súil le eispéireas níos fearr i bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclanna na hÉireann, i ndiaidh sheoladh mórphlean nua inniu.

D’fhoilsigh Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Brendan Griffin, an tAire Turasóireachta agus Spóirt Tabhair Faoi Chroí Fiáin na hÉireann, Máistirphlean Léirmhíniúcháin Turasóireachta do Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann agus Anaclann Dúlra na Cúile-Ghairealáin,  i gcomhar lena chéile inniu ag Páirc na Cúile, An Gort, Co. na Gaillimhe.

Is toradh é an máistirphlean léirmhíniúcháin ar chomhpháirtíocht straitéiseach idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Fáilte Éireann. Leagtar amach ann creat a bheidh ina threoir don fhorbairt chéimneach ar eispéiris níos fearr in ionaid cuairteoirí agus áiseanna feabhsaithe cuairteoirí  i bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclanna na hÉireann, a bheidh bunaithe ar thaighde ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta. Beidh an obair á cómhaoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Fáilte Éireann trí phacáiste infheistíochta ar fiú na milliúin Euro é thar na blianta amach romhainn.  

Áirítear an méid seo a leanas sa phlean:

  •    Scéalta speisialta agus uathúla gach Páirce Náisiúnta agus Anaclainne Dúlra a chur in iúl agus beocht a chur iontu do chuairteoirí.
  •    Luach coiteann na bPáirceanna Náisiúnta a threisiú, go háirithe na cinn sin ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, áit a bhfuil cúig de na sé pháirc suite, agus a mealltacht do chuairteoirí a mhéadú.
  •    Leas a bhaint as dea-chleachtas idirnáisiúnta chun eispéireas an chuairteora a fheabhsú in Ionaid Cuairteoirí na bPáiceanna Náisiúnta.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire Madigan

Níll aon amhras ach go bhfuil Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna na hÉireann i measc na n-áiteanna is áille ar domhan. Is iad Croí Fiáin na hÉireann go fíreannach iad, agus tá gnáthóga, flóra agus fána uathúla le fáil i ngach suíomh, agus is mór an difríocht atá idir na tírdhreacha iontu freisin, rud a fhágann gur eispeireas uathúil agus éagsúil a bhíonn ag cuairteóirí i ngach suíomh.

Cuirfidh an creat seo ar ár gcumas an tírdhreach álainn a chur i láthair agus feabhas a chur ar an eispéireas a thugtar do chuairteoirí  ach thairis sin, agus go deimhin thar aon ní eile, cinnteoidh sé cosaint fhadtéarmach na bPáirceanna. Má leagaimid béim ar ár bhfreagrachtaí caomhnaithe agus oideachais agus má chuirimid eispéireas cuairteora níos fearr ar fáil, is féidir linn  cothromaíocht a bhaint amach idir caomhnú agus bithéagsúlacht agus líon níos mó cuairteoirí.

Dúirt an tAire Griffin

Is sampla den scoth é an cur chuige comhpháirteach seo idir Fáilte Éireann agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra den chomhar trasearnála a bhfuil a thuilleadh de dhíth orainn más mian linn leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le go leor de na sócmhainní atá againn anseo in Éirinn. Is éard is fearr faoin bplean seo ná go mbaintear an chothromaíocht chuí amach ann idir ár bpáirceanna agus anaclanna áille a chaomhnú agus iad a bheith ar oscailt do chuairteoirí ar bhealach atá níos mealltaí agus níos tarraingtí .

Oireann na páirceanna agus anaclanna do thurasóireacht áineasa  agus don éiceathurasóireacht araon, agus éascaíonn siad cruthú post agus fás eacnamaíoch, i gceantair thuaithe go háirithe, toisc go dtugann siad an deis do ghnólachtaí áitiúla an leas is mó is féidir a bhaint as bonneagar feabhsaithe turasóireachta. Spreagann infheistíocht leanúnach i mbonneagar siúil/siúlóireachta agus in áiseanna léirmhíniúcháin agus oideachais ag suíomhanna Oidhreachta Nádúrtha daoine chun dul ar cuairt chuig ceantar agus blaiseadh a fháil de ghnéithe uathúla d’oidhreacht agus cultúr na hÉireann. De thoradh na n-infhestíochtaí seo, caomhnaítear ár gcomhshaol nádúrtha, feabhsaítear sláinte agus folláine agus tacaítear leis an ngeilleagar áitiúil agus náisiúnta .

Threisigh Orla Carroll, Stiúrthóir um Fhorbairt Straitéiseach le Fáilte Éireann

Is plean bonnathraitheach é an máistirphlean comhroinnte léirmhíniúcháin seo agus scaoilfidh sé acmhainneacht iomlán ár bpáirceanna náisiúnta agus ár n-anaclann, rud a chuirfidh borradh suntasach faoin turasóireacht in Éirinn. Tá obair den scoth déanta ag an tír sep chun na sócmhainní nádurtha seo a chothú ach ní mian linn gurb iad na rúin is doichte ar domhan iad. Leis an gcur chuige comhpháirteach a fógraíodh inniu, leagtar amach na céimeanna is féidir a thógáil chun ár bpáirceanna agus ár n-anaclanna a chur ar leibhéal níos airde chun go dtabharfar eispéireas den scoth do chuairteoirí iontu a bheidh ar aon dul leis an eispéireas a thugtar in Cairngorms in AlbainPáirc Náisiúnta Fhoraois na Baváire sa Ghearmáin.

Is féidir Tabhair Faoi Chroí Fiáin na hÉireann, Máistirphlean Léirmhíniúcháin Turasóireachta do Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann agus Anaclann Dúlra na Cúile-Ghairealáin a íoslódáil anseo.