Foilsithe ar 

Níos Mó Ná 150 Léiriú De Shaothair Éireannacha I Ndún Éideann I Mí Lúnasa I Mbliana

An bhuíon is mó riamh d’ealaíontóirí na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar Albain le Drámaíocht, Litríocht, Ballet agus Damhsa Comhaimseartha mar chuid de Chultúr Éireann GB18

Tá Druid Theatre Company, Landmark Productions and Ballet Ireland i measc na gcompántas iomadúil ó Éirinn atá ag léiriú a gcuid saothar ag Féiltí mór le rá Dhún Éideann i mí Lúnasa i mbliana le tacaíocht ó Chultúr Éireann.

Beidh deis ag na mílte daoine a bheidh sa lucht féachana ag Féile Idirnáisiúnta, Féile Fringe agus Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann taitneamh a bhaint as breis agus 150 léiriú de dhrámaíocht, ballet agus damhsa comhaimseartha na hÉireann, agus beidh scríbhneoirí de chuid na hÉireann i láthair ag na féiltí freisin.

Is cuid lárnach de Chultúr Éireann GB18, tionscnamh bliana chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn sa Bhreatain, í an toscaireacht seo agus a gcuid saothar ó Éirinn i mbliana - agus is í an toscaireacht is mó riamh í.

Chuir Josepha Madigan, An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  a dea-mhéin chuig toscaireacht na bliana seo agus dúirt sí:

Tá dea-cháil bainte amach ag scríbhneoirí, ealaíontóirí agus taibheoirí na hÉireann i nDún Éideann mar gheall ar a léiriúcháin ardchaighdeáin, agus is cuid thábhachtach de chlár GB18 de chuid Chultúr Éireann é an clár i nDún Éideann i mbliana, clár atá dírithe ar ár naisc chultúrtha a threisiú. Tá togha na rogha d’amharclannaíocht, damhsa agus litríocht na hÉireann á chur i láthair arís ag an toscaireacht seo le tacaíocht ó Chultúr Éireann. Guím gach rath orthu agus tá súil agam go spreagfaidh an turas seo chuig Dún Éideann tuilleadh deiseanna idirnáisiúnta dóibh.

Ó 2005 i leith, tá saothar de chuid breis agus 80 compántas agus 120 scríbhneoir ó Éirinn curtha i láthair ag Cultúr Éireann ag Féiltí Dhún Éideann. Is margadh tábhachtach cultúrtha iad na Féiltí d’ealaíontóirí nua agus d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus, le blianta beaga anuas, tá roinnt compántas Éireannach tar éis a gcuid saothar a thabhairt ar camchuairt thar lear de thoradh na tacaíochta a thugann Cultúr Éireann do shaothair na hÉireann i nDún Éideann.  I measc na mbuaicphointí a bhí ann le roinnt blianta anuas, thug Fishamble  Silent a bhuaigh duais Olivier agus Underneath a bhuaigh an chéad duais ag Féile Fringe ar camchuairt timpeall an domhain; tugadh cuireadh do léiriú de chuid Corn Exchange ar A Girl is a Half-formed Thing go Londain agus go Nua-Eabhrac agus tugadh cuireadh do DublinOldschool le Emmet Kirwan teacht go hAmharclann Náisiúnta Londan agus tá scannán den dráma ar fáil ar eisiúint ghinearálta.

I measc shaothair na hÉireann i nDún Éideann i mbliana tá:

Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann

  • Léiriú Druid ar Waiting for Godot le Samuel Beckett ag The Lyceum le haghaidh 11 Léiriú ón 3 – 12 Lúnasa 2018

Féile Fringe Dhún Éideann

  • Léiriú de chuid Landmark Productions ar The Approach le Mark O’Rowe ag Rainy Hall, Assembly Hall le haghaidh 22 léiriú idir 2-26 Lúnasa, 2018
  • Class arna scríobh agus arna chur i láthair ag Iseult Golden agus David Horan, i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach ag Traverse Theatre le haghaidh 22 léiriú ón 2-26 Lúnasa, 2018
  • Maz and Bricks le Eva O’Connor arna chur i láthair ag Fishamble: The New Play Company ag Cairns Lecture Theatre, Summerhall le haghaidh 22 léiriú ón 1-26 Lúnasa, 2018
  • My Left Nut arna scríobh ag Michael Patrick agus Oisín Kearney, comhléiriú de chuid Pan Narrans Theatre agus Prime Cut Productions, ag Red Lecture Theatre, Summerhall le haghaidh 24 léiriú ón 1-26 Lúnasa, 2018
  • Everything Not Saved le comharghrúpa MALAPROP ag Old Lab, Summerhall le haghaidh 23 léiriú ón 1-26 Lúnasa, 2018
  • Léiriú de chuid Ballet Ireland ar Giselle ag Dance Base le haghaidh 15 léiriú ón 3-19 Lúnasa, 2018
  • WRoNGHEADED le Liz Roche Company ag Dance Base le haghaidh 15 léiriú ón 3–19 Lúnasa, 2018

Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann (11-27 Lúnasa, 2018)

Beidh naonúr scríbhneoirí Éireannacha - idir scríbhneoirí seanbhunaithe agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn - ag glacadh páirt i bhFéile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann (arna reachtáíl ón 11-27 Lúnasa, 2018) I measc na scríbhneoirí a bhfuil tacaíocht á fáil acu ó Chultúr Éireann le bheith i láthair:  Eileen Battersby, John Boyne, Helena Duggan, Derek Landy, Paul Lynch, Doireann Ní Ghríofa, Malachi O’Doherty, Donal Ryan agus Darren Shan.

I dteannta na saothar seo, reachtáil Cultúr Éireann a Fháiltiú Líonraithe bliantúil inar bhuail ealaíontóirí na hÉireann le poiblitheoirí agus láirthreoirí idirnáisiúnta agus ina ndearna siad caidreamh leo. Bhí an ócáid ar siúl i mbliana in The Hub, ceanncheathrú Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann, ar an Luan 6 Lúnasa.  Is cuid thábhachtach é seo den chlár Sárthaispeántais agus éiríonn leis na healaíontóirí Sárthaispeántais teagmhálaithe idirnáisiúnta a fhorbairt ann gach bliain.