Foilsithe ar 

Olltoghchán – 8 Feabhra 2020

Tá an tUachtarán, ag gníomhú dó ar chomhairle an Taoisigh, an tUas Leo Varadkar, faoi Airteagal 13.2 den Bhunreacht, tar éis Dáil Éireann a lánscor inniú agus an 33ú Dáil Éireann a chomóradh chun teacht le chéile an 20ú lá d’Fheabhra 2020, ag 12 meán lae.

 

Rinne an tUas Eoghan Murphy, Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais ordú inniu 14 Eanáir 2020 chun Dé Satharn 8 Feabhra 2020 a cheapadh mar lá vótaíochta agus chun na huaire an chloig ó  7.00 a.m. am go  10.00  pm a shocrú mar uaire vótaíochta san Olltoghchán.

 

Chun seasamh i dtoghchán do Dháil Éireann, ní mór d’iarrthóir a bheith ina shaoránach d’Éirinn nó ina saoránach d’Éirinn agus a bheith 21 bhliain d’aois ar a laghad faoin lá vótaíochta. Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir nó féadfaidh duine atá cláraithe mar thoghthóir sa dáilcheantar lena mbaineann duine eile a ainmniú, ach toiliú a fháil ón duine eile sin. Ní mór d’iarrthóirí nach bhfuil deimhniú cleamhnachta polaitíochta (daingniú á rá gur iarrthóir de chuid páirtí polaitíochta atá cláraithe i gclár na bpáirtithe polaitíochta é/í an duine lena mbaineann) acu a n-ainmniúchán a chur i gcrích trí cheachtar de na roghanna seo a leanas a úsáid: ar mhodh aontuithe ó 30 aontaitheoir (toghthóirí cláraithe) sa dáilcheantar lena mbaineann, agus ní mór do na haontaitheoirí dearbhú reachtúil a chomhlánú ina leith sin, nó ar mhodh éarlais €500 atá le taisceadh leis an gceann comhairimh ag an iarrthóir nó ag duine éigin thar ceann an iarrthóra.

 

Is é an tráth deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 meán lae ar Dé Céadaoin 22 Eanáir 2020. Féadfaidh iarrthóirí a n-ainmniúcháin a tharraingt siar suas go 12 meán lae ar Dé Déardaoin 23 Eanáir 2020.

 

Tá gach duine ar saoránach Éireannach nó saoránach Briotanach é nó í, agus a bhfuil a ainm nó a hainm ann i gClár na dToghthóirí, i dteideal vóta a chaitheamh san Olltoghchán; tá breis 3.3 milliún acu i dteideal vóta a chaitheamh ag toghcháin na Dála.

Tá am fós ag daoine atá incháilithe le vóta a chaitheamh, ach nach bhfuil cláraithe ina dtoghthóirí, le hiarratas a dhéanamh a n-ainm a chur leis an bhforlíonadh a ghabhann le clár na dtoghthóirí atá le foilsiú roimh lá na vótála agus a bheidh, dá réir sin, in ann vóta a chaitheamh ar an Satharn 8 Feabhra. Le bheith incháilithe, ní mór do dhuine a bheith 18 mbliana d'aois nó níos sine lá na vótála nó roimhe agus gnáthchónaí a bheith air nó uirthi sa toghlach.

 

Chun iarratas a dhéanamh ainm a áireamh ar an bhforlíonadh a ghabhann leis an gclár, ní mór do dhuine an fhoirm iarratais chuí  (RFA2), atá le fáil le híoslódáil ó www.checktheregister.ie nó le fáil ón gComhairle Cathrach, ón gComhairle Contae nó ón gComhairle Cathrach agus Contae a chomhlánú. Ní mór don údarás clárúcháin ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóir na foirmeacha iarratais a bheith faighte aige tráth nach déanaí ná Dé Céadaoin 22 Eanáir 2020.  Maidir leosan ar mian leo iad a áireamh ar an bhforlíonadh a ghabhann le liosta na bpostvótálaithe agus le liosta na vótálaithe speisialta, ní mór na foirmeacha iarratais a bheith faighte ag an údarás áitiúil tráth nach déanaí ná Déardaoin 16 Eanáir 2020. 

 

Déanfar an vótáil chun 159 gcomhalta (gan an Ceann Comhairle a áireamh) a thoghadh don 33rú Dáil a sheoladh sa 39 dáilcheantar a shonraítear san Acht Toghcháin (Leasú) (Dáilcheantair) 2017.

 

Tá tuilleadh eolais maidir le cúrsaí toghcháin ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag http://www.housing.gov.ie/en/LocalGovernment/Voting/