Foilsithe ar 

€15,000 ceadaithe ag an Aire Mac Fhionnlaoich chun Foscadán do Phaisinéirí a thógáil ag Cé an Chloiginn, Co na Gaillimhe

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, go bhfuil deontas €15,000 ceadaithe aige chun cuidiú le Comhairle Chontae na Gaillimhe foscadán a chur in airde ag Cé an Chloiginn, Co na Gaillimhe.  Beidh an Chomhairle Chontae féin ag íoc as fuílleach costas na hoibre.

Déanann an ché freastal ar phobal Inis Bó Finne agus baineann sa bhreis ar dhaichead míle paisinéir úsáid as an gcé gach bliain.  Dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta bheith ábalta deontas a cheadú chun an foscadán seo a chur ar fáil.  “Táim sásta go bhfuil ar chumas mo Roinne deontas a cheadú do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun foscadán paisinéirí a chur ar fáil ag Cé an Chloiginn.  Beidh sé ina chabhair do phobal Inis Bó Finne agus do na mílte cuairteoir a théann go dtí an oileán gach bliain,” a dúirt an tAire Stáit.