Foilsithe ar 

€12,558 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., do Scoil Náisiúnta an Choimín

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne inniu go bhfuil deontas suas le €12,558 ceadaithe aige do Scoil Náisiúnta an Choimín, An Clochán, Leifear, Co. Dhún na nGall chun cur ar a gcumas an fhadhb atá le macalla sa scoil a leigheas.

Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le Scoil Náisiúnta an Choimín an obair seo a dhéanamh.

Tá sé tábhachtach go bhféadfadh muintir na scoile agus muintir na háite tairbhe cheart a bhaint as halla na scoile, saor ó thruailliú fuaime. Tá ról lárnach ag an scoil i gcur chun cinn na Gaeilge sa cheantar seo agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh halla ar fáil dóibh a chloíonn le rialacha sláinte agus sábháilteachta.