Published on 

Níos mó ná €900,000 de chistiú á fhógairt ag an Aire Humphreys le haghaidh 57 tionscadal oidhreachta

Tá cistiú de €904,530 fógartha inniu (Dé Máirt) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD le haghaidh 57 tionscadal oidhreachta faoin gCiste um Struchtúir i mBaol (SRF) do 2016. Faoin scéim cuirtear cistiú ar fáil do thionscadail faoi chosaint atá faoi úinéireacht phríobháideach agus phoiblí. Cuirtear cistiú ar fáil de shuimeanna idir €4,000 in aghaidh an tionscadail agus níos mó ná €26,000 in aghaidh an tionscadail.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Tugadh an scéim seo isteach den chéad uair in 2011, agus ó shin i leith tá cuid mhór á chur aige le caomhnú agus cosaint ár n-oidhreacht thógtha. I mbliana, gheobhaidh 57 tionscadal i 27 gceantar údaráis áitiúil cistiú díreach ó mo Roinn. Bainfidh tionscadail oidhreachta i ngach réigiún den tír tairbhe as an scéim seo.

“Tá tacaíocht dár n-oidhreacht thógtha ríthábhachtach, ní amháin ar mhaithe le hoidhreacht ailtireachta na hÉireann a chosaint, ach freisin chun tacú le fostaíocht sna tionscail caomhantais agus tógála. Beidh ról an-tábhachtach freisin ag infheistíocht inár n-oidhreacht ó thaobh athnuachan na tuaithe de, agus ar ndóigh beidh sé ina thosaíocht i mo chúram leathnaithe nua.

“I mbliana bhíothas in ann iarratas ar chistiú a dhéanamh do thithe stairiúla. Sheol mé Plean Gníomhaíochta do Thodhchaí Inbhuanaithe Thithe Stairiúla na hÉireann ag deireadh na bliana seo caite, inar leagadh amach treochlár gníomhaíochtaí, lena n-áirítear foinsí maoiniúcháin a leathnú, don réimse áirithe seo d’oidhreacht ailtireachta na hÉireann.

“Trí cháilíocht agus aeistéitic struchtúir stairiúla a fheabhsú, is féidir bród phobail a mhéadú agus cuirtear go mór le hathbheochan bailte agus sráidbhailte tuaithe. Is cuid an-tábhachtach iad foirgnimh oidhreachta dár dtimpeallacht chultúrtha, agus de réir mar a thagann biseach ar an ngeilleagar, tá súil agam bheith in ann tacú leis an earnáil oidhreachta ar mhaithe le pobail ar fud na tíre.”