Published on 

Fógraíonn an tAire Martin plean nua chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht mhúsaeim do mhná

Béim nua ar mhná agus ar scéalta ban fógartha do bhailiúcháin chultúrtha náisiúnta

 

Fógraíonn an tAire Martin plean nua chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht mhúsaeim do mhná

 

 

Inniu, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D. go raibh sí chun coiste a chur ar bun a thabharfaidh comhairle maidir le hionadaíocht bhan agus scéaltaí ban taobh istigh de bhailiúcháin na bhForas Cultúrtha Náisiúnta. Déanfaidh an coiste plé chomh maith ar an fhéidearthacht cur i láthair tiomanta a chruthú do scéalta ban trí raon roghanna, taobh istigh de chreat an Chóid Chaiteachais Phoiblí. D’fhéadfadh músaem do mhná, athshamhlú ar an Bhailiúchán Náisiúnta, nó tionscnaimh eile a mheasann an coiste gurb iomchuí iad, a bheith i measc na roghanna seo.

 

Le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar an fheasacht ar ghannionadaíocht bhan i sochaí na hÉireann, chomh maith le haitheantas méadaithe ar an ghá atá le haird a tharraingt ar an mhéid atá curtha ag mná le stair chultúrtha, shóisialta, eolaíoch agus pholaitiúil na hÉireann. Sa chomhthéacs seo, cuirfidh an tAire an coiste ar bun chun gníomhaíochtaí a mholadh lena gcuirfear béim ar éachtaí ban taobh istigh de na Forais Chultúrtha Náisiúnta agus an Bailiúchán Náisiúnta. Tarraingeoidh an coiste réimse leathan páirtithe leasmhara isteach chun múnlaí dea-chleachtais a aimsiú a thacóidh le forais chultúrtha agus iad ag léiriú scéalta ban trí eispéiris chultúrtha.

 

 

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

 

“Mar Aire, tá béim mhór curtha agam ar an ról atá ag mhná i sochaí na hÉireann a chur chun cinn. Léiríonn fógra an lae inniu go bhfuil mé tiomanta chun cinntiú go n-aithnítear agus, gan amhras, go ndéantar ceiliúradh ar an mhéid atá curtha ag mná lenár gcultúr. Déanfaidh an coiste seo iarracht aon neamhionannas inscne a aithint laistigh dár bhForais Chultúrtha Náisiúnta agus ár mBailiúchán Náisiúnta. Déanfaidh sé plé ar an fhéidearthacht cur i láthair neamhspleách a chruthú atá tiomanta do scéalta ban, músaem ban san áireamh. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don ghrúpa Abhcóideachta ar son Mhúsaem na mBan as an dtréanobair a rinne siad, agus an tacaíocht a thug siad, agus na moltaí seo á chur ar aghaidh.

 

Tá mé tiomanta chun cinntiú go dtugtar éagsúlacht shaoil na mban san áireamh leis an obair seo agus go dtugtar guthanna ban a bhí imeallaithe go stairiúil chun tosaigh sa phlé seo. Creidim gur féidir leis an tionscnamh seo a bheith ina bhealach chun comhrá a bheith againn in Éirinn faoin dóigh a dhéanann muid taifead agus ionadaíocht ar scéalta ban inár stair, agus an tionchar a imríonn an ghannionadaíocht ar ár ndearcadh orainn féin ar leibhéal an duine aonair agus leibhéal na sochaí araon.  Leis an tionscnamh seo tacófar le seachadadh ár gCláir Rialtais, atá bunaithe ar phrionsabal an chomhionannais agus lena gcinntítear gur féidir le gach saoránach barr a gcumas a bhaint amach.”

 

 

CRÍOCH

 

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 087 6737338 / 087 7374427

Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie

Láithreán gréasáin: www.gov.ie/dtcagsm

Twitter: https://twitter.com/DeptCulturelRL

Facebook: https://www.facebook.com/DepartmentofCultureIRL

Instagram: https://www.instagram.com/tourism.culture.gaeltacht/

LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/departmentofcultureirl

Más mian leat go mbainfí den liosta ríomhphost thú, cliceáil ANSEO.

 

 

Nótaí chuig an Eagarthóir:

 

Níor ceapadh baill an choiste go fóill ach beidh ionadaithe ó na Forais Chultúrtha Náisiúnta agus earnáil na músaem, na gcartlann agus na ngailearaithe i gcoitinne, daoine le saineolas faoi chomhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú cosúil le Comhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn, agus ionadaithe ó na Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Stáit iomchuí mar pháirt dó.

 

Leis an obair a thabharfaidh an coiste comhairleach fúithi, aithneofar múnlaí dea-chleachtais taobh istigh de pholasaí cultúir go hidirnáisiúnta, ar féidir leo tacú leis na Forais Chultúir Náisiúnta chun cinntiú go léirítear scéalta ban i gcur i láthair oidhreachta cultúrtha ar bhealach oiriúnach. Déanfaidh siad maoirseacht ar iniúchadh ar an Bhailiúchán Náisiúnta a bhunadh chun bearnaí a aithint in ionadaíocht bhan agus scéalta ban, taobh istigh de na bailiúcháin san áireamh, agus tabharfaidh siad faoi athbhreithniú ar na torthaí.

 

Déanfaidh an coiste iniúchadh ar an deis chun cur i láthair a chruthú atá tiomanta do scéalta ban trí raon roghanna laistigh de chreat an Chóid Chaiteachais Phoiblí. D’fhéadfadh músaem na mban, athshamhlú ar an Bhailiúchán Náisiúnta nó tionscnaimh eile a mheasann an coiste gurb iomchuí iad a bheith i measc na roghanna seo.