Published on 

Tús Feidhme le hAilt eile de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 fógartha ag na hAirí Martin agus O’Donovan

Tá tús feidhme fhorálacha áirithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 fógartha inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O'Donovan, T.D. Is iad na hAilt atá i gceist ná 2 (b) agus (c), 7, 9, 10, 11, 15, 18 agus 19.

 

Shínigh an tAire Catherine Martin an t-Ionstraim Reachtúil le déanaí chun tús feidhme a thabhairt do na forálacha seo ar an 13ú Márta 2023. Is leasaithe teicniúla ar an Acht iad cuid de na hAilt seo ach, chomh maith leo siúd, tá dhá fhoráil shuntasach ann, Alt 9 agus Alt 10, gur fiú aird a tharraingt orthu.

 

Tá próiseas leagtha síos faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 maidir le foilsiú na gcaighdeán teanga a bheifear ag tabhairt isteach faoin Acht. Leagtar síos san alt sin go gcaithfidh an tAire dul i ndáilchomhairle le comhlachtaí poiblí maidir leis na dréacht chaighdeáin agus iad a bheith foilsithe.  Beidh tréimhse chomhairliúcháin 3 mhí ann ó dháta a bhfoilsithe. Foilseofar na dréacht chaighdeáin ar shuíomh gréasáin na Roinne chomh maith chun deis a thabhairt don phobal i gcoitinne tuairimí a thabhairt ina leith.  Tá obair dhréachtaithe na gcaighdeán ar bun i Roinn na nAirí faoi láthair agus foilseofar iad níos deireanaí sa bhliain.

 

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cuimsíonn feidhmeanna an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí. Leasaíonn Alt 10 d’Acht 2021 Alt 21 den Phríomh-Acht trí fheidhm mhonatóireachta sa bhreis a thabhairt don Choimisinéir. Mar thoradh air seo, déanfaidh an Coimisinéir Teanga monatóireacht anois ar ghéilliúlacht comhlachtaí poiblí le haon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge agus/nó an Bhéarla, nuair is cuí, mar shampla: an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, Acht an Gharda Síochána, 2005, Acht Iompair 1950, Acht Craolacháin, 2009, Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus an tAcht Oideachais, 1998 chun roinnt acu a lua.

 

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

 

“Tá lúcháir orm a fhógairt inniu go bhfuil mo Roinn i mbun oibre leanúnaigh chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh na forálacha seo, agus iad curtha i bhfeidhm, borradh faoi úsáid na Gaeilge sa Státchóras – rud atá ag croílár na reachtaíochta seo agus atá ag dul do phobail na Gaeltachta agus labhartha na Gaeilge.”

 

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

 

“Is léir go bhfuil bóthar dearfach i leith na Gaeilge amach romhainn sa todhchaí de réir mar a thagann forálacha an Achta i bhfeidhm. Tabharfaidh sé deis dóibh siúd atá ag obair i gcomhlachtaí poiblí agus do lucht labhartha na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht an teanga a úsáid sa ghnáth saol sna blianta amach romhainn.”

 

 

Tá sé beartaithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leanúint leis an obair chun tús feidhme a thabhairt d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil idir seo agus deireadh 2023.

 

CRÍOCH