Published on 

Iarrtha ag an Aire Joe O’Brien ar ghrúpaí pobail páirt a ghlacadh sna Líonraí Rannpháirtíochta Pobail de réir mar a seoltar feachtas feasachta náisiúnta

Sheol an tAire Stáit Joe O’Brien TD atá freagrach as Forbairt Pobail, Carthanachtaí agus Imeascadh feachtas feasachta nua náisiúnta inniu (Dé Máirt an 21 Feabhra) chun grúpaí pobail a spreagadh le páirt a ghlacadh sna Líonraí Rannpháirtíochta Pobail (LRP) áitiúla atá acu.

 

Tugtar deis sna Líonraí Rannpháirtíochta Pobail d’údaráis áitiúla teagmháil a dhéanamh le grúpaí pobail ar fud na tíre. Leis na LRPanna, tugtar deis níos mó do dhaoine ionchur a bheith acu i gcinntí rialtais áitiúil a mbíonn tionchar acu ar a bpobail.

 

Tá a LRP féin ag gach contae agus cathair in Éirinn agus tá níos mó ná 18,000 grúpa pobail agus deonach mar bhaill faoi láthair.

 

Ar na samplaí de thionscadail agus tionscnaimh ar thug LRPanna fúrhu, tá a leanas:

  • D'oibrigh Oifigeach Forbartha LRP an Longfoirt agus Oifigeach Forbartha FAI an Longfoirt ar chomhshaothar inar rolladh amach campaí peile samhraidh do 15 leanbh a bhfuil uathachas orthu. Ba é sin an chéad uair a reáchtáladh tionscnamh den chineál seo sa tír agus tá sé beartaithe ag an FAI an tionscnaimh a reáchtáil i gcontaetha eile amach anseo.
  • D’oibrigh LRP an Chláir leis an Lucht Siúil, le daoine faoi mhíchumas, le cúramóirí, le himircigh agus le go leor grúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste chun Straitéis in aghaidh na Bochtaineachta a fhorbairt do chontae an Chláir. Tugadh eolas faoin mbochtaineacht i gContae an Chláir chun solais sa straitéis sin, eolas nach raibh fáil air roimhe sin ach ar féidir a úsáid anois chun cinntí níos fearr a dhéanamh faoi thodhchaí an Chláir.
  • D’oibrigh Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe le mná atá ina gcónaí in ionaid Soláthair Dhírigh, a roinn an taithí a bhí acu maidir le cúram leanaí agus saincheisteanna tearcfhostaíochta chun eolasa dhéanamh do phleananna forbartha eacnamaíochta Chathair na Gaillimhe, e.g. mhol siad ionad d’imircigh a bhunú ina mbeadh imircigh in ann aithne a chur ar a chéile agus ar fhostóirí féideartha chun feabhas a chur ar a n-ionchais fostaíochta.

 

Is éard a dúirt an tAire O’Brien le linn dó a bheith ag labhairt ag imeacht chun feachtas feasachta nua náisiúnta do Líonraí Rannpháirtíochta Pobail a sheoladh:

 

“Leis na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail tugtar deis do phobail ar fud na hÉireann ionchur a bheith acu i gcinnteoireacht áitiúil agus cuirtear taithí agus saineolas luachmhar ón bhfíorshaol ar fáil i leith beartais áitiúil agus náisiúnta a fhorbairt.

 

Is féidir neart agus tionchar na LRPanna a fheiceáil sa chaoi a ndearna siad ionadaíocht d’oibrithe deonacha agus do ghrúpaí pobail maidir leis na freagraí ar Covid-19 agus iad ag oibriú le húdaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí stáit.

 

Trí ghníomh áitiúil, cuireann LRPanna le ceapadh beartais ar an leibhéal náisiúnta freisin, amhail Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide don bhliain 2021 a fhorbairt nuair a rinne LRPanna comhráite tábhachtacha sna pobail áitiúil ar fud na tíre a óstáil agus a éascú.”

 

Is éard a dúirt Cliona Kelliher ó LRP Chill Dara:

 

“Tá níos mó ná míle ionadaí LRP ar bhoird agus ar choistí comhlachtaí cinnteoireachta áitiúla i láthair na huaire.

 

Tá siad ag cur le cinntí maidir le haeráid, iompar, imeascadh imirceach, sláinte agus folláine phobail, póilíneacht agus neart eile.

 

Tá súil againn go spreagfar níos mó daoine leis an bhfeachtas feasachta seo chun cluas éisteachta a lorg dá gcuid tuairimí agus ionchuir.”

 

Is éard a dúirt John Mulholland, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Chontae Laoise agus Cathaoirleach CCMA an Choiste Forbartha Tuaithe, Pobail, Cultúir agus Oidhreachta:

 

“Le struchtúir LRP tugtar deis d’Údaráis Áitiúla dul i mbun comhoibriú go díreach le grúpaí pobail deonacha a dhéanann an oiread sin dá gceantair áitiúla.

 

Tá ról tábhachtach ag LRPanna maidir le príomhbheartais agus príomhstraitéisí a fhorbairt agus cuireann gach Údarás Áitiúil tacaíocht shuntasach ar fáil dá LRPanna áitiúla mar aitheantas air sin.

 

Cuirfear borradh faoi phróifíl LRPanna leis an bhfeachtas seo, rud atá tuillte go maith i bhfianaise na hoibre a dhéanann siad.”

 

Trí bheith ina mball de LRP áitiúil, bíonn go leor buntáistí eile ar fáil do ghrúpaí, lena n-áirítear cláir shainoiliúna, eolas ar mhaoiniú agus deontais agus ar thograí nó cinntí atá á ndéanamh ina gcontae chomh maith le deiseanna líonraithe agus foghlama le heagraíochtaí áitiúla eile.

 

Aidhm eile atá leis an bhfeachtas a seoladh inniu ná grúpaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine óga imeallaithe a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa LRP áitiúil atá acu.

 

Is éard a dúirt an tAire O’Brien mar fhocal scoir:

 

“Tá ríméad orm feachtas feasachta na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail a sheoladh inniu.

 

Tá muid ag iarraidh aird a tharraingt ar an ról agus na feidhmeanna tábhachtacha atá acu ionas go mbeidh a fhios ag daoine faoi mar a ligeann na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail dóibh difear a dhéanamh agus ‘todhchaí níos fearr a chruthú’ agus pobail a fheabhsú do chách.

 

Tá mé ag iarraidh cuireadh a thabhairt do ghrúpaí timpeall na tíre páirt a ghlacadh ina LRP áitiúil agus cuidiú le tionchar a imirt ar réitigh agus ar shaincheisteanna áitiúla.”

 

Tá láithreáin ghréasáin na LRPanna áitiúla uile ar fáil ag www.gov.ie/PPN.

 

CRÍOCH

 

Teagmháil:

Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

01-7736843 / 087-1734633

Press.office@drcd.gov.ie

 

Nóta d'eagarthóirí

  • Tá Cliona Kelliher ó LRP Chill Dara ar fáil d’agallaimh leis na meáin chumarsáide má iarrtar sin.
  • Coimisiúnaíodh an grianghrafadóir Marc O’Sullivan chun imeacht an lae inniu a chlúdach agus cuirfidh sé pictiúir ar fáil do dheasca na bpictiúr tráthnóna.

 

Maidir le LRPanna

 

Bunaíodh LRPanna faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014, agus ligeann siad d’údaráis áitiúla teagmháil a dhéanamh le grúpaí ar fud na tíre atá faoi stiúir oibrithe deonacha. Cuireann LRPanna meicníocht ar fáil faoina mbíonn deis ag saoránaigh ionchur a bheith acu i ndáil le cinntí rialtais áitiúil a mbeidh tionchar acu ar a bpobail féin.

 

Líonra is ea LRP do ghrúpaí Pobail agus Deonacha, Ionchuimsithe Shóisialta agus Timpeallachta i ngach limistéar údaráis áitiúil. Cuireann LRPanna ar chumas údaráis áitiúla ceangail le grúpaí ar fud na tíre atá faoi stiúir oibrithe deonacha. Mar thoradh air sin, cuireann LRPanna meicníocht ar fáil faoina mbíonn deis ag saoránaigh ionchur a bheith acu i ndáil le cinntí rialtais áitiúil a mbeidh tionchar acu ar a bpobail féin.

 

Feidhmíonn na LRPanna mar urlabhraí thar ceann an phobail ar bhoird agus ar choistí údaráis áitiúil. Sa chás go dteastaíonn ionadaí ón bpobal ó údarás áitiúil le suí ar a gcuid bord nó coistí, amhail Coistí um Beartas Straitéiseach nó Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPAnna), ní mór dóibh an t-ionadaí sin a aimsiú ón LRP. Oibríonn LRPanna chun a chur ar chumas an phobail ionadaíocht a dhéanamh orthu sna próisis déanta cinntí a mbíonn tionchar acu ar shaoránaigh tríd ionadaíocht a dhéanamh orthu ar choistí comhairle, próisis comhairliúcháin, aighneachtaí polasaí agus neart eile.

 

Mar sin, tá an LRP ina ‘thobar eolais’ do gach údarás áitiúil ar mian leis leas a bhaint as saineolas pobail agus deonach ina limistéar.

 

Tá ballraíocht LRP oscailte do gach grúpa faoi stiúir oibrithe deonacha/grúpa neamhbhrabúis i limistéar údaráis áitiúil. Tá níos mó ná 18,000 grúpa ar fud na tíre ina bhall de LRP i láthair na huaire.