Foilsithe ar 

72 Aistritheoir Gaeilge á lorg ag Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh

Tá tús curtha le feachtas earcaíochta do 72 post d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

Fógraíodh na deiseanna fostaíochta seo inné ag ócáid i Leabharlann Chester Beatty i mBaile Átha Cliath. Bhí Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., an tUasal Christos Ellinides, Leas Cheannasaí, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach agus Sarah Rooney ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne i láthair ag an ócáid. I láthair freisin bhí an láithreoir teilfíse, Cáitlín Nic Aoidh, ó TG4, agus an t-aisteoir, Colm Mac Gearailt, ó Ros na Rún.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Stáit McHugh:

“Is deis iontach í seo chun slí bheatha thairbheach idirnáisiúnta a bhaint amach sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, dhá chathair i gcroílár na hEorpa atá ilchultúrtha agus lán beochta, agus nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar shiúl ó go leor de príomhchathracha eile na hEorpa.


“Tá ról lárnach ag aistritheoirí i ngach uile rud a dhéanann institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá an fheidhm atá ag seirbhísí aistriúcháin na n‑institúidí sin ríthábhachtach ó thaobh cumarsáide a neartú agus feabhas a chur ar an tuiscint atá ag na saoránaigh ar an mbaint atá ag an Aontas lena saol laethúil.


“Dóibh siúd a bhfuil suim acu i ngairm bheatha san aistriúchán, nó dóibh siúd a bhfuil sár-chaighdéan Ghaeilge acu agus gur mhaith leo tabhairt faoi ghairm nua thar lear, is iontach an deis í seo le dul ag obair d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh, áit a mbíonn sárdheiseanna forbartha gairme agus pearsanta ar fáil dá gcuid fostaithe.”