Foilsithe ar 

Tuarascáil ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha foilsithe ag an Rialtas

Tuarascáil ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha foilsithe ag an Rialtas

 

Tá fógartha ag an Aire Iompair Eamon Ryan TD agus ag an Aire Stáit Jack Chambers TD go bhfuil an tuarascáil deiridh ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha a cuireadh i gcrích le gairid le foilsiú.

Píosa suntasach oibre atá san Athbhreithniú ar Luasteorainneacha arb é is aidhm leis dul i ngleic leis an deighilt agus an neamhréireacht atá le feiceáil sna luasteorainneacha ar bhóithre ar fud na tíre. An toradh a bheidh ar luasteorainneacha comhsheasmhacha cuí a chur i bhfeidhm i ngach áit ar an ngréasán bóithre, mar a éilítear sa tuarascáil deiridh, ná go mbeidh na bóithre níos sábháilte.

Tá moltaí éagsúla san Athbhreithniú ar Luasteorainneacha, ar gníomh ardtionchair é sin, sa Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre ón Rialtas, 2021-2030. Seo cuid de na moltaí sin:

  • Ba chóir an luasteorainn réamhshocraithe ar bhóithre náisiúnta den dara grád a laghdú ó 100km/u go 80km/u.
  • Ba chóir an luasteorainn réamhshocraithe ar an ngréasán bóithre áitiúla agus tuaithe ar fud na tíre a laghdú ó 80km/u go 60km/u.
  • Ba chóir an luasteorainn réamhshocraithe ar bhóithre uirbeacha, lena n-áirítear ceantair faoi thithe, a laghdú go 30km/u. 

Bheifí in ann bóithre artaireacha agus slite gathacha thart ar áiteanna uirbeacha a choinneáil ar 50km/u. Ní mholtar san athbhreithniú aon athruithe a dhéanamh ar na luasteorainneacha réamhshocraithe ar mhótarbhealaí, ar phríomhbhóithre náisiúnta ná ar bhóithre réigiúnacha. Tá spás curtha san áireamh sa chreat le haghaidh athruithe áirithe in airde i gcás go measfar go bhfuil bóthar sábháilte agus ar ardchaighdeán nuair a dhéanfaidh údaráis áitiúla measúnú air.

Tá athrú as cuimse tagtha ar an tsábháilteacht ar bhóithre in Éirinn le blianta beaga anuas. Tháinig titim ó 472 duine go 137 duine ar an líon básanna bliantúla ar na bóithre idir 1997 agus 2021. Baineadh an laghdú sin amach in ainneoin gur tháinig méadú suntasach ar an líon feithiclí a bhí ar bhóithre na tíre le linn na tréimhse céanna. 

I ndiaidh na mblianta fada inar baineadh laghdú amach ar an líon daoine a fhaigheann bás ar na bóithre, áfach, tá méadú millteanach tagtha ar an líon daoine sin ar na mallaibh. Go dtí seo i mbliana, tá 130 duine i ndiaidh bás a fháil ar na bóithre in Éirinn, sin méadú 25 i gcomparáid leis an am céanna anuraidh. Tragóid atá i ngach aon bhás do theaghlach, cairde agus pobal an té a chailltear.

Tá cruthaithe go bunúsach go dtagann laghdú suntasach ar an mbaol go mbeidh bás nó gortú tromchúiseach ann in imbhuailtí ar bhóithre má dhéantar an luas a laghdú. Tá meastachán déanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfaí laghdú 30% a bhaint amach ar an líon imbhuailtí marfacha atá ann dá mbeadh laghdú 5% ann ar an meánluas. Anuas air sin, léiríonn an fhianaise go marófar 50% de choisithe a mbuailfidh feithicil ag taisteal ar 60km/u iad i gcomparáid le 29% de choisithe a mbuailfidh feithicil ag taisteal ar 50km/u iad agus 5% de choisithe a mbuailfidh feithicil ag taisteal ar 30km/u iad. 

Seo mar a labhair an tAire Ryan inniu: “Tá an tuarascáil seo á foilsiú ag am cinniúnach, tráth a bhfuil méadú ar an líon daoine atá ag fáil bháis ar bhóithre in Éirinn ar leibhéal nach féidir glacadh leis, go háirithe i ndiaidh tréimhse mhillteanach agus barraíocht daoine óga agus teaghlach i ndiaidh a saol a chailleadh i ndiaidh dóibh imeacht ar a n-aistear ag súil le turas slán go ceann scríbe. Tá an bhuairt agus an t-uaigneas le brath ar fud na tíre. Caithfimid rud éigin a dhéanamh le go mbeidh bóithre na tíre níos sábháilte agus níos intuartha ag gach duine a úsáideann iad. Thugamar gealltanas i gClár an Rialtais athbhreithniú a dhéanamh ar luasteorainneacha agus, nuair is cuí, iad a laghdú chun dul i ngleic le cúrsaí sábháilteachta ar bhóithre agus chun comhlíonadh níos fearr a chinntiú. Má chuirtear na moltaí sa tuarascáil seo i bhfeidhm fágfaidh sé sin go mbeidh bóithre in Éirinn níos sábháilte ag gach duine a úsáideann iad.”

Seo an méid a dúirt an tAire Chambers: “Cúis imní dúinn ar fad atá san ardú suntasach ar an líon daoine atá ag fáil bháis ar na bóithre i mbliana. Níl aon amhras ann ach go bhfuil an tiomáint ar róluas ag cur go suntasach le neart imbhuailtí. Má chuirtear i bhfeidhm na moltaí ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha beifear in ann glacadh le cur chuige comhsheasmhach i leith luasteorainneacha a shocrú ar fud na tíre. Beidh na moltaí sa tuarascáil seo mar chabhair dúinn an sprioc sa Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre ón Rialtas, 2021-2030, a bhaint amach le líon na mbásanna agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath faoi 2030 agus le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Fís Nialais.” Is gá na bearta seo a chur i bhfeidhm mar pháirt de thionscnaimh éagsúla leis an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú go mór. Bhí cruinniú agam leis an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee le gníomh forfheidhmiúcháin ar na bóithre a phlé. Táimid chun deireadh a chur leis an neamhréir i gcóras na bpointí pionóis, mar aon leis an gconradh GoSafe a fhorbairt. Táim ag obair chomh maith leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ionas go mbeimid ag díriú ar na daoine cuí inár bhfeachtais chumarsáide.

Beidh reachtaíocht phríomha ag teastáil má táthar chun athruithe a dhéanamh ar na luasteorainneacha socraithe agus meastar go bhféadfaí an reachtaíocht éigeantach a rith i Ráithe 1 in 2024. Déanfar na treoirlínte reachtúla a thabhairt chun dáta ionas go mbeifear in ann tús a chur leis na moltaí ón Athbhreithniú le linn 2024.

 

ENDS

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Tá laghdú suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag fáil bháis ar bhóithre na tíre le píosa níos mó ná fiche bliain. Tháinig laghdú ó 472 bás ar na bóithre in Éirinn sa bhliain 1997 go 137 bás in 2021. Baineadh an t-athrú mór sin amach cé gur tháinig méadú suntasach ar an líon feithiclí ar na bóithre. Cúis uafáis atá ann go bhfuil an treocht sin ar mhalairt slí le blianta beaga anuas. 
  • Tá an Roinn Iompair, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an Garda Síochána agus páirtithe leasmhara eile in earnáil na sábháilteachta ar bhóithre ag obair go dian chun an treocht a athrú arís agus an Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre ón Rialtas, 2021-2030, a bhaint amach. 
  • Foilsíodh an Straitéis i mí na Nollag 2021, agus tá an chéad chéim feidhmiúcháin den Straitéis ar bun faoi láthair, agus tús curtha le nach mór 200 gníomh praiticiúil chun an líon básanna agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath faoi 2030 agus Fís Nialais a bhaint amach faoi 2050, is é sin nach mbeidh aon bhás ná gortú tromchúiseach ar bhóithre in Éirinn. 
  • Bunsprioc inghnóthaithe atá san Athbhreithniú ar Luasteorainneacha sa Phlean Gníomhaithe i gCéim 1, 2021–2024. Rinneadh iniúchadh san Athbhreithniú ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus tá an-chuid samhaltú iompair mar bhonn faoi.
  • Cuireadh Grúpa Oibre ar bun in 2022. Rinne an Roinn Iompair agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair cathaoirleacht ar an nGrúpa i gcomhar a chéile. Lena chois sin, bhí ionadaithe ann ón Roinn Iompair, an Garda Síochána, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, ó Bhonneagar Iompair Éireann, ón Údarás Náisiúnta Iompair, agus ó Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach.
  • Déanfar tascfhórsa forfheidhmithe a bhunú, an Roinn Iompair ina bhun, chun maoirseacht a dhéanamh le go mbainfear moltaí an Athbhreithnithe amach.
  • Anuas air sin, san Acht um Thrácht ar Bhóithre agus um Bóithre, 2023, a síníodh chun dlí a dhéanamh de i mí an Mheithimh, tá réimse forálacha chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, lena n-áirítear luasteorainneacha inathraithe a chuirfear i bhfeidhm mar fhreagairt ar dhálaí díobhálacha, úsáid níos mó a bhaint as ceamaraí chun tacú le cúrsaí sábháilteachta, agus bearta chun an líon daoine a thiomáineann gan árachas a laghdú agus cuidiú leis na Gardaí reachtaíocht um thrácht ar bhóithre a fhorfheidhmiú.
  • Tuarascáil ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha