Foilsithe ar 

Ag Fógairt an Phlean Bainistíochta Náisiúnta do Limistéir faoi Chosaint Speisialta ar Phluais Ardaithe 2017-2022

D’fhógair Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu (Déardaoin) go bhfuil an Plean Náisiúnta Bainistíochta um Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) ar Phortaigh Ardaithe 2017-2022 foilsithe.


Is é seo an chéad phlean náisiúnta do líonra SAC phortaigh ardaithe na hÉireann agus, i dteannta na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna (2015) agus an Athbhreithnithe ar Líonra Limistéar Oidhreachta Nádúrtha na bPortach Ardaithe (2014), cruthaítear cur chuige an Rialtais i leith bhainistiú tailte móna na hÉireann.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Madigan:

“Tá an t-ádh orainn in Éirinn go bhfuil samplaí de phortaigh ardaithe againn a meastar a bheith tábhachtach ní amháin ag leibhéal náisiúnta, ach freisin ag leibhéal Eorpach agus domhanda. Leis an bPlean leagtar amach léarscáil don mbealach ina ndéanfar ár bportaigh ardaithe atá faoi chosaint a bhainistiú, a chaomhnú agus a athchóiriú san am atá romhainn.
D’imir an cosc ar bhaint móna, a raibh gá leis lenár bportaigh ardaithe ainmnithe a chosaint, tionchar ar shaol daoine. Leis an bPlean baintear cothromaíocht chuí amach idir oibleagáid dhlíthiúil na hÉireann portaigh ardaithe áirithe a chosaint agus riachtanais an lucht bainte móna, úinéirí talún agus páirtithe leasmhara eile ar na suíomhanna seo”.


Leagtar amach sa phlean go bhfuil cúiteamh airgeadais á chur ar fáil i gcásanna ina raibh gá deireadh a chur le baint móna d’úsáid baile, agus go raibh agus go bhfuil roghanna malartacha indéanta á lorg. Tá tuairim is €28.7 milliún de chúiteamh curtha ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta dóibh siúd ar imir an scor bainte móna ar phortaigh ardaithe faoi chosaint tionchar orthu agus tá an Roinn ag déanamh tuilleadh iarrachtaí le bainteoirí móna a athlonnú ar phortaigh chuí nach bhfuil ainmnithe.
Leagtar amach sa Phlean conas a dhéanfar an líonra LCS ar phortaigh ardaithe a athchóiriú agus a athnuachan le sraith céimeanna sna blianta amach romhainn agus luaitear ann go ndéanfar acmhainneacht áineasa, conláiste agus oideachais líon áirithe suíomhanna a fhiosrú i gcomhar le pobail áitiúla.


Lean an tAire Madigan lena cuid cainte, “Tá súil agam go ndéanfar acmhainneacht phortaigh ardaithe a fhíorú mar áiteanna ina bhfuil áilleacht nádúrtha agus bithéagsúlacht agus inar féidir le pobail teacht le chéile.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd go léir a bhí páirteach i dtabhairt chun críche an Phlean seo as a gcuid iarrachtaí go léir. D’oibrigh lucht bainte móna agus a n-ionadaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an Chomhairle Tailte Móna agus boird Stáit ar nós Bhord na Móna agus Coillte, in éineacht le mo Roinn le dul chun cinn nach beag a bhaint amach i dtreo réitigh a aimsiú le hoibleagáidí na hÉireann faoin Treoir um Ghnáthóga a chomhlíonadh chomh maith le réitigh ar cheist na bainte móna.”


D’fhógair an tAire freisin go raibh Lámhleabhar Fiadhúlra na hÉireann Uimh. 99: Best practice in raised bog restoration in Ireland, á fhoilsiú. Is ionann an foilsiú sin agus ceann de ghealltanais an Phlean Náisiúnta Bainistíochta um Limistéirí faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) ar Phortaigh Ardaithe 2017-2022. Ullmhaíodh é i gcomhar le grúpaí agus daoine aonair a bhí páirteach in athchóiriú ar phortaigh ardaithe roimhe seo. Tá sé i gceist go gcuirfear treoir phraiticiúil stuama ar fáil leis an gcáipéis seo d’aon duine ar spéis leo athchóiriú agus bainistiú phortaigh ardaithe, mar shampla úinéirí agus úsáideoirí talún, grúpaí pobail, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus aon chleachtóirí atá ag tabhairt faoi bhearta athchóirithe.


Tá tuilleadh eolais agus cóip den Phlean Náisiúnta Bainistíochta um Limistéirí faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) ar Phortaigh Ardaithe 2017 -2022 ar fáil ó www.chg.gov.ie agus www.npws.ie.