Foilsithe ar 

Aird á tharraingt ag an Aire Humphreys ar ról na nÚdarás Áitiúil i gClár Comórtha Céad Bliain 2016

Tá aird tarraingthe ag Heather Humphreys TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar ról tábhachtach na n-údarás áitiúil in Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Bhí an tAire ag caint tar éis seoladh an leabhair, dar teideal Centenary, a rinne sí a choimisiúnú mar thaifead ar imeachtaí comórtha 2016 sa bhaile agus thar lear. Ghabh sí buíochas freisin le pobail ar fud na tíre as an bpáirt mhór a ghlac siad sa chlár ar feadh na bliana.

Dúirt an tAire Humphreys: “Ba é an chuid is speisialta den bhliain domsa an spiorad pobail a bhí le feiceáil ar fud na tíre. Bhí ról ríthábhachtach ag ár n-údaráis áitiúla i gcothú an spioraid sin trína ndúthracht agus díograis.
“Mar Rialtas, d’eagraigh muid clár náisiúnta, ach ní raibh ansin ach beagán beag bídeach den méid a tharla. D’oibrigh na húdaráis áitiúla le grúpaí pobail áitiúla, cumainn staire, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus cumadóirí leis an gCuimhneachán céad bliain a chomóradh, agus bhí na torthaí chomh hiontach is a bhí siad ilchineálach.
“Ba mhaith liom arís buíochas ó chroí a ghabháil leis na húdaráis áitiúla as a gcuid tacaíochta agus comhair ar feadh na bliana. Is mian liom freisin buíochas a ghlacadh lenár bpobail ar fud na tíre, mar is mar gheall ar an bpáirt a ghlac siadsan sa chlár comórtha gur éirigh chomh maith sin leis.”
Déanann an leabhar, Centenary, doiciméadú ar an mbealach inar tugadh 1916 chun cuimhne anuraidh sa bhaile agus thar lear, ag díriú ar imeachtaí suntasacha comórtha a chuirtear i láthair in ord croineolaíoch. Bhí údaráis áitiúla ag croílár eagrúchán agus éascú cuid mhór de na 3,500 imeacht a tharla le linn na bliana. Ba é Ronan McGreevy, iriseoir leis an Irish Times agus údar, a rinne eagarthóireacht ar an leabhar.

Dúirt Ronan McGreevy: “Le comóradh na bliana seo caite léiríodh an bród atá ag muintir na hÉireann as stádas na tíre mar náisiún neamhspleách agus as na fir agus mná a ba chúis leis. Bhí gach duine a bhí bainteach leis an leabhar seo airdeallach ar an onóir a bhain leis agus an fhreagracht a bhí orainn rud éigin a chur le chéile a bheadh ag teacht leis an mbliain iontach sin.

“Bhí an t-ádh orainn go raibh saothar a lán grianghrafadóirí agus ealaíontóirí cumasacha ar fáil againn. Iadsan a d’inis an scéal. Tugann na focail an comhthéacs. Cuireadh iontaoibh in ealaíontóirí agus pobail áitiúla an fhreagairt chuí a thabhairt agus tá na torthaí le feiceáil sa leabhar seo. Rinne gach contae a chion agus tá gach contae clúdaithe sa leabhar.”

Nóta do na hEagarthóirí:

Tá Centenary ar fáil lena cheannach ar €25 i siopaí leabhar ar fud na tíre.

Tá eolas sonrach maidir le gach contae ar fáil ach é a iarraidh.