Foilsithe ar 

Allúntas beagnach €1.7m fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh don phróiseas pleanála teanga in 2018

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, inniu 13 Iúil 2018, go bhfuil allúntas ar fiú beagnach €1.7m é á chur ar fáil ag a Roinn chun cabhrú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga sa bhliain reatha.

Dáilfear €1,513,351 den allúntas ar Údarás na Gaeltachta agus €156,600 ar Fhoras na Gaeilge chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn mar a bhaineann sé leis na heagraíochtaí sin faoi seach sa bhliain reatha.

Dúirt an tAire Stáit McHugh:

“Tá lúcháir orm an t-allúntas suntasach seo a chur ar fáil don Údarás agus don Fhoras le go mbeidh siad in ann leanúint orthu ag tacú le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga. Agus tús á chur le feidhmiú pleananna teanga i suas le 15 cheantar Gaeltachta i mbliana, tá an chuid is tábhachtaí den phróiseas bainte amach againn - is é sin feidhmiú pleananna ag leibhéal an phobail”.


De thoradh an allúntais, beidh Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge in ann maoiniú bliantúil a chur ar fáil do na ceantair atá réidh le tosú ag feidhmiú a bpleananna. Fágfaidh sé chomh maith go mbeidh an dá eagraíocht in ann coinneáil orthu ag cuidiú leis na ceantair Ghaeltachta eile, chomh maith leis na Bailte Seirbhíse agus na Líonraí Gaeilge atá i mbun pleananna a ullmhú faoi láthair.

Go dtí seo, tá 8 gcinn de phleananna ceadaithe agus táthar ag súil leis go mbeidh pleananna le haghaidh 7 gceantar eile ceadaithe faoi dheireadh na bliana. I gcás na mBaile Seirbhíse agus na Líonraí Gaeilge tá an phróiseas ar siúl i 7 mbaile agus 3 líonra faoi láthair agus táthar ag súil leis go gcuirfidh 3 bhaile eile tús leis an bpróiseas go luath.

Tá an t-allúntas seo á chur ar fáil mar thacaíocht i gcomhréir leis an ngealltantas atá tugtha i mbearta 2.1, 2.2, 2.3 agus 2.12 i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge a seoladh i Meitheamh 2018. Tá an Plean agus eolas eile ina leith le fáil ar shuíomh idirlíon na Roinne:
https://www.chg.gov.ie/app/uploads/2018/07/action-plan-2018-2022.pdf

Tagann fógairt an mhaoinithe seo sna sála ar bhearta a d’fhógair an tAire Stáit le gairid ar fiú os cionn €1.9m san iomlán iad thar tréimhse trí bliana agus faoina mbeidh infheistíocht bhreise faoi leith á cur ar fáil ar bhonn lárnach chun cuidiú tuilleadh le feidhmiú an phróisis mar a bhaineann sé le réimse an teaghlaigh (Tuismitheoirí na Gaeltachta) agus an réimse luathoideachais Gaeilge sa Ghaeltacht (Comhar Naíonraí na Gaeltachta).