Foilsithe ar 

Allúntas €784,442 fógartha ag an Aire Stá it McHugh faoi Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2017/2018

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin inniu (14/09/17) go bhfuil allúntas suas le €784,442 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo. agus d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil do scoilbhliain 2017/2018 thar ceann na Roinne. Is ionann an t-allúntas seo agus allúntas 2016/2017.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil obair fhiúntach ar bun faoi Scéim na gCúntóirí Teanga chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil d’aos óg na Gaeltachta. “Cuidíonn an cúnamh a thugann na cúntóirí teanga atá fostaithe faoin scéim le hiarrachtaí na scoileanna Gaeltachta atá páirteach chun a chinntiú go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil go dtí an chéad ghlúin eile sa Ghaeltacht. Le feidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon, is ea is tábhachtaí fós an scéim”.

I gcomhréir lena bhfuil molta sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tá iarrtha ag an Aire Stáit McHugh ar a chuid oifigigh tabhairt faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim seo sna míonna amach romhainn ar mhaithe lena thionchar ar an teanga a mhéadú sna blianta atá romhainn.

Is mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht atá an t-allúntas seo á chur ar fáil faoi scéim na gcúntóirí teanga.

Nóta don eagarthóir

Faoin scéim seo cuirtear cúntóirí teanga, gur cainteoirí líofa Gaeilge iad, ar fáil mar thaca do scoileanna Gaeltachta chun cuidiú le páistí sealbhú agus saibhriú a dhéanamh ar an teanga.

Tá an scéim ag feidhmiú i 106 scoil Ghaeltachta agus fostaítear 95 cúntóir teanga ina iomlán faoin scéim, 67 faoi scáth Muintearas agus 28 Cúntóir faoi scáth Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá an t-allúntas comhdhéanta do €551,813 do Mhuintearas Teo. agus €232,629 do Oidhreacht Chorca Dhuibhne.