Foilsithe ar 

An Taoiseach & an tAire McEntee ag freastal ar Chomhairle na hEorpa agus ar Chruinniú Mullaigh faoin Euro

Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais

Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, agus an tAire Gnóthaí Eorpacha, Helen McEntee, ag dul go dtí an Bhruiséil inniu le haghaidh cruinnithe den Chomhairle Eorpach agus Chruinniú Mullaigh faoin Euro.

Beidh an Taoiseach ag bualadh leis na Ceannairí Stáit agus Rialtais eile chun ceisteanna suntasacha a phlé leo, lena n-áirítear Clár Oibre Straitéiseach an AE, an chibearshlándáil agus an bhréagaisnéis i dtoghcháin, an gníomhú ar son na haeráide, agus ceapacháin nua do na poist is fearr san AE, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí ina measc.

Táthar ag súil leis chomh maith go mbeidh na ceannairí ag déanamh plé ar an gcéad Bhuiséad AE eile, faoi mhéadú an AE, agus faoi staid reatha cúrsaí sa Rúis agus in Oirthear na hÚcráine. Beidh caint neamhfhoirmiúil ann freisin ar Brexit, ag féachaint ar aghaidh roimh an dáta imeachta atá beartaithe don Ríocht Aontaithe, is é sin an 31 Deireadh Fómhair.

Ag caint roimh dá imeacht, dúirt an Taoiseach:

Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair leis na Cinn Stáit agus Rialtais eile sa Bhruiséil, Déardaoin agus Dé hAoine, le haghaidh sraith de chruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí. Beidh an Gníomhú ar son na hAeráide, gur fadhb dhomhanda í, ina chuid lárnach de na cainteanna a bheidh againn ann. Caithfidh an AE a ról mar cheannaire domhanda a athdhearbhú agus an cuspóir atá aige chun an neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Sa Phlean Gníomhaíochta Aeráide atá againn a foilsíodh an tseachtain seo, tá plean oibre leagtha amach d'Éirinn.
Déanfaimid plé freisin ar an dúshlán atá ann maidir leis an dífhaisnéis. Seasaimid i ndlúthpháirtíocht lenár gcomhpháirtithe AE chun iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí bréagaisnéise agus na cibearghníomhaíochtaí a chuireann an daonlathas i mbaol dúinn go léir.
Maidir le Brexit, tá an Chomhairle Eorpach tar éis a bheith go hiomlán soiléir i gcónaí nach bhfuil ath-idirbheartaíocht le déanamh maidir leis an gComhaontú Aistarraingthe agus go gcaithfidh aon tiomantais aontaobhacha a thugann Rialtas na RA a bheith comhoiriúnach le spiorad an Chomhaontaithe Aistarraingthe agus leis an ábhar atá inti. Mar atá luaite agam cheana féin, earráid uafásach mhór pholaitiúil a bheadh ann, de mhíléamh agus de mhíthuiscint araon, ar ar an gcaoi ina n-oibríonn an tAontas Eorpach, a smaoineamh go n-athródh é sin mar gheall ar Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe a athrú. Ar ndóigh, táimid sásta an dearbhú polaitiúil maidir leis an gcaidreamh todhchaíoch a leasú, má thagann athrú ar staid chúrsaí sa Ríocht Aontaithe. Ar ais in Éirinn, tá an Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis na hullmhuithe diana atá á ndéanamh aige le bheith réidh le Brexit gan bheart.

Dúirt an tAire McEntee:

Is cruinniú tábhachtach é cruinne Chomhairle Eorpach na seachtaine seo a bheidh dírithe ar an gcéad Bhuiséad AE eile, ar Mhéadú an AE, ar an nGníomhú ar son na hAeráide agus ina ndéanfar plé ann ar Brexit chomh maith. Tá an cruinniú seo de Chomhairle an AE ag teacht sna sála ar chruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta a tionóladh i Lucsamburg an tseachtain seo inar tháinig Airí Eorpacha le chéile le hullmhú don chruinniú mullaigh seo. Tá dlúthpháirtíocht iomlán ann i gcónaí ó thíortha uile an AE maidir le Brexit. Níl athrú ar bith tagtha ar an seasamh atá acu, is é sin ar rá nach ndéanfar aon idirbheartaíocht bhreise ar an gComhaontú Aistarraingthe.
Tacaíonn Éire go láidir leis go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht aontachais AE le Tuaisceart na Macadóine agus leis an Albáin, rud a chabhróidh le cur chun cinn na cobhsaíochta sa réigiún agus a thabharfaidh aitheantas do na hiarrachtaí atá déanta ag an dá thír sin chun athchóirithe polaitiúla a chur i bhfeidhm. Táimid ag súil go mbeidh aon mhoill ar bith a gcuirfear ar oscailt na caibidlíochta chomh gearr agus is féidir.