Foilsithe ar 

An chéad chruinniú de chuid an Tascfhórsa Geilleagair Oíche óstáilte ag an Aire Martin

D'óstáil Catherine Martin T.D., an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta an chéad chruinniú de chuid an Tascfhórsa Geilleagair Oíche inniu. Chuir sí de chúram ar na hionadaithe ó réimse de ranna, gníomhaireachtaí agus grúpaí Rialtais moltaí polasaí agus bearta praiticiúla a fhorbairt ar mhaithe le cultúr agus geilleagar oíche bríomhar agus inbhuanaithe.

Dúirt an tAire Martin inniu:

Tá dúshlán tugtha agam don Tascfhórsa seo deiseanna a aithint a chuirfidh leis an gcultúr agus geilleagar oíche atá againn agus réitigh a aimsiú ar na constaicí reatha atá le sárú ag daoine atá ag obair san earnáil sin agus ag daoine a bhíonn rannpháirteach san earnáil sin.

I bhfianaise na srianta reatha Covid-19 agus an tionchar atá acu ar an tsochaí agus ar an gcultúr, táimid chun an deis a thapú chun an bealach is féidir linn cuidiú leis an gcultúr agus geilleagar oíche atá againn teacht chucu féin nuair a osclóidh an geilleagar arís a scrúdú.  Bhí áthas orm an smaointeoireacht chruthaitheach agus na réitigh nuálacha atá an Tascfhórsa ag tosú a chur chun cinn a fheiceáil inniu agus léiríonn sin céim chun cinn san obair atá déanta acu go dtí seo. Rinne Sunil Sharpe ó 'Give us the Night agus Ard-Mhéaraí Chathracha Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí cuir i láthair eolasacha inniu don Tascfhórsa ar an bhfís atá acu agus ar an obair atá déanta go dtí seo ar an tionscnamh seo. 

Cé go bhfuil tuairimí go leor de na príomhghrúpaí spéise ar eolas go maith agus san áireamh in obair an Tascfhórsa, aontaíodh dul i mbun próiseas comhairliúcháin inniu lena chinntiú go ndéantar an líon is mó tuairimí agus is féidir a bhreithniú agus go nglacfar cur chuige iomlánaíoch chun geilleagar agus cultúr oíche bríomhar a chruthú.

Dúirt an tAire Martin chomh maith:

Táimid inár gcónaí i dtírdhreach atá ag athrú agus cruthaíonn sin a chuid dúshlán tromchúiseach féin, agus dá bhrí sin tá iarrtha agam ar an Tascfhórsa teacht ar ais chugam laistigh de shé mhí le sraith de mholtaí polasaí agus bearta praiticiúla a chuirfidh ar chumas ár gcathracha, bailte agus sráidbhailte deiseanna nua a fhorbairt agus cur lena gcultúr agus geilleagar oíche.

Príomhghealltanas de chuid Chlár an Rialtais é an Tascfhórsa Geilleagair Oíche agus is í an Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta atá ag déanamh cathaoirleachta air. Tá seo sa bhreis ar obair a rinneadh cheana féin sa bhliain 2019 agus níos luaithe i mbliana i ndáil leis an tionscadal seo.