Foilsithe ar 

An seachtú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit McHugh le plean Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh ceadaithe aige

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, inniu go bhfuil plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is é seo an seachtú plean atá ceadaithe faoin bpróiseas ar cuireadh tús leis in 2014. Fágann sé seo go mbeidh feidhmiú an phlean teanga iDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh ag tosú gan mhoill. Beidh Údarás na Gaeltachta i dteagmháil go luath leis an gceanneagraíocht pleanála teanga chun tús a chur le feidhmiú an phlean. 

Beidh allúntas ar fiú suas le €100,000 thar tréimhse 12 mhí iomlán á chur ar fáil i leith an phlean teanga chun tús a chur le feidhmiú an phlean sa bhliain reatha.  Cuimseofar san allúntas seo, tuarastal Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh in ann cabhrú le feidhmiú phlean teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh. 

Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá 7 bplean ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dáta - Cois Fharraige i gCo. Na Gaillimhe, agus Gaoth Dobhair agus Cloch Chionnaola i gCo. Dhún na nGall, na Déise i gCo. Phort Láirge, Múscraí i gCo. Chorcaí, Ciarraí Theas, agus Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh anois.
Tá cúig phlean eile curtha faoi bhráid na Roinne agus iad á mheas. Is iad seo a leanas na limistéir lena mbaineann na pleananna atá á mheas faoi láthair:

  • ·         An Cheathrú Rua;
  • ·         Maigh Eo Thuaidh;
  • ·         Ciarraí Thiar;
  • ·         Árainn Mhór
  • ·         Conamara Lár.

Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Tá ullmhú pleananna na mBailte Seirbhíse Gaeltachta ag leanúint ar aghaidh i leith Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis agus Cathracha na Gaillimhe agus Chorcaí. Táthar ag súil go mbeidh tús curtha sa bhliain reatha chun pleananna a ullmhú i leith: Dún Garbhán, Trá Lí, An Clochán Liath agus Caisleán an Bharraigh. 

Leanann ullmhúchán pleananna ar aghaidh i leith na Líonraí Gaeilge Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin, agus tá an Roinn ag súil leis go gcuirfidh Foras na Gaeilge pleananna an trí líonra sin faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana 2018.


Tá maoiniú de €2.65 milliún curtha ar fáil chun an próiseas a chur chun cinn sa bhliain reatha – ardú suntasach ar an gcéad cionroinnt de €200,000 a cuireadh ar fáil don phróiseas in 2014.


In éindí leis an gcistíocht phleanála teanga thuasluaite, beidh an clár leathan scéimeanna, bearta agus tionscnamh -  atá maoinithe ón státchiste, á gcur i bhfeidhm i gcaitheamh an ama ag an Roinn, ag  Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge, rud a bheidh mar thaca leanúnach don phróiseas pleanála teanga.
Beidh tréimhse fhorfheidhmithe 7 mbliana i gceist le pleananna teanga agus tá sé beartaithe go ndéanfar athbhreithniú eatramhach ar gach plean i mbliain 3 agus athbhreithniú críochnúil i mbliain 6.


Le ceadú an phlean seo," a dúirt an tAire Stáit McHugh, "tá cur i bhfeidhm pleananna ag bailiú nirt anois agus is dul chun cinn suntasach  é sin. Faoi dheireadh na bliana beidh tuilleadh ceantar i mbun chur i bhfeidhm pleananna ag leibhéal an phobail fud fad na Gaeltachta. 

Tá sé seo ag tarlú de thoradh dhíocas na bpobal Gaeltachta uile agus de thoradh infheistíocht leanúnach mo Roinne sa phróiseas. Is tréimhse spleodrach atá romhainn le feidhmiú pleananna ag tosú agus táim cinnte de go mbeidh an iarracht seo uile ar leas na Gaeilge.