Foilsithe ar 

An tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, T.D. ag freastal ar Shearmanas Coimisiúnaithe Airm an 91ú Rang Daltaí

D'fhreastail an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, T.D., ar Shearmanas Coimisiúnaithe an 91ú Rang Daltaí inniu (Déardaoin an 28 Eanáir 2016) in Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann i gCampa an Churraigh, Co. Chill Dara. An Ceann Foirne, an Seachaimiréal Mark Mellett, a chuir fáilte roimh an Aire chuig an gCampa.

Coimisiúnaíodh fiche Dalta mar oifigigh sna Buan-Óglaigh ag searmanas an lae inniu. Ina theannta sin, cháiligh seisear daltaí as Málta ó Scoil na nDaltaí de chuid Óglaigh na hÉireann i ndiaidh dóibh a gcuid traenála a chur i gcrích go rathúil.

Ag labhairt dó ag an Searmanas, rinne an tAire cur síos ar choimisiúnú na n-oifigeach nua agus dúirt sé go bhfuil “cloch mhíle mhór bainte amach ag na hoifigigh óga seo”.

Ag labhairt leis na hoifigí nua-choimisiúnaithe, dúirt an tAire, "Is sibhse, comhaltaí an 91ú Rang Daltaí, an todhchaí agus beidh sibh i bhur rannpháirtithe tábhachtacha maidir le nuachóiriú leanúnach agus dul chun cinn Óglaigh na hÉireann. Is mian liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh libh ar fad as an ngealltanas don Stát atá á dhéanamh agaibh. Is féidir le gach duine agaibh, chomh maith le bhur dteaghlaigh agus bhur gcairde, a bheith bródúil as an méid atá bainte amach agaibh.”

Agus é ag caint faoi mhórmhisin thar lear, mar shampla an t-imscaradh chuig UNIFIL sa Liobáin agus chuig UNDOF in Arda Golan, thug an tAire ómós chomh maith do phearsanra uile Óglaigh na hÉireann agus an Gharda Síochána a fhónann mar bhreathnóirí, comhairleoirí agus monatóirí i misin níos lú ar fud an domhain. “Is iad gníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann agus An Gharda Síochána, gníomhaíochtaí nach dtugtar aitheantas dóibh go minic, a thacaíonn le misin chriticiúla in oibríochtaí a bhíonn deacair agus dúshlánach go pearsanta” a dúirt sé.

Maidir leis an todhchaí agus an dúshlán agus an deis a bhaineann leis an bPáipéar Bán nua ar Chosaint, dúirt an tAire, “Cruthóidh sibh áit nua ina gcuirfear fáilte roimh an éagsúlacht. Cinnteoidh sibh go léireofar meas ar na hÉireannaigh nua agus go dtabharfar aitheantas dóibh; tuigfidh sibh agus cuirfidh sibh in iúl freagracht shóisialta chorparáideach, bainfidh sibh an úsáid is eacnamaíche agus is éifeachtaí as acmhainní na gcáiníocóirí agus cinnteoidh sibh go mbeidh Óglaigh na hÉireann ábhartha do shaoránaigh uile na hÉireann inniu agus amach anseo. Sin í bhur ngairm mar Oifigigh Óglaigh na hÉireann na linne seo.

Thug an tAire ómós chomh maith do dhíograis agus do thiomantas na gcomhaltaí ó Scoil na nDaltaí de chuid Óglaigh na hÉireann “a mhúnlaigh na fir agus na mná óga seo ina n-oifigigh óga bhreátha le cúig mhí dhéag traenála anuas.”