Foilsithe ar 

An tAire Humphreys ag taisteal go Londain chun Éire Ildánach a chur i láthair do phríomhpháirtithe leasmhara ealaíon agus cultúir

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, i Londain inniu (Dé Máirt) chun eolas faoi Chlár Éire Ildánach a chur i láthair do phríomhpháirtithe leasmhara as ar fud earnáil ealaíon agus chultúir na Ríochta Aontaithe, baill de dhiaspóra na hÉireann agus príomhtheagmhálaithe as an bpobal gnó ag ócáid speisialta in Ambasáid na hÉireann. Is é Éire Ildánach Clár Iarmhartach Rialtas na hÉireann d’Éire 2016; tionscnamh cúig bliana, ó 2017 go 2022, a bhfuil sé mar aidhm leis an chruthaitheacht a chur i gcroílár an pholasaí phoiblí.

Casfaidh an tAire freisin le hionadaithe d’Fhéile Phádraig i Londain, a bheidh ar siúl ón 17-19 Márta. Mar chuid den Fhéile, a fhaigheann tacaíocht ó Chultúr Éireann, beidh mórcheoltóirí de chuid na hÉireann ar an bpríomhstáitse i gCearnóg Trafalgar chomh maith le paráid agus taibhithe sráide ó Mhacnas. Tá an Fhéile ar an bhfód anois le 15 bliana déag agus meallann sí os cionn 100,000 duine. Déantar éagsúlacht chultúr na hÉireann a fhiosrú in ionaid éagsúla ar fud chathair Londain chomh maith le haird mhuintir Londain a tharraingt ar ealaíontóirí Éireannacha den chéad scoth. Tá os cionn €140,000 de mhaoiniú Chultúr Éireann fógartha cheana chun tacú le healaíontóirí na hÉireann taibhithe a chur i láthair ar fud na Ríochta Aontaithe le linn 2017, agus fógrófar babhta eile deontas i mí Aibreáin.

Thug an tAire cuairt freisin ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar chas sí leis an bhfoireann agus le hiontaobhaithe. Tá obair mhór athchóirithe déanta san Ionad le tacaíocht airgeadais ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus táthar ag dréim leis go n-osclófar go hoifigiúil é i mí an Mheithimh 2017.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá áthas orm an deis seo a thapú le hÉire Ildánach a chur i láthair do phríomhpháirtithe leasmhara ar fud earnáil ealaíon na hÉireann i Londain agus a gcuid tacaíochta a iarraidh. Tá sé tábhachtach domsa go dtabharfar deis do healaíontóirí Éireannacha sa bhaile agus thar lear páirt a ghlacadh sa tionscnamh uaillmhianach cúig bliana seo, a bhfuil sé mar aidm leis an cultúr a chur i gcroílár an tsaoil, ar mhaithe le dul chun cinn ár muintir agus treisiú ár sochaí.

“Chuaigh an Diaspóra i ngleic go hiomlán le hÉire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, agus tharla sé sin ach go háirithe anseo i Londain, áit a ndearnadh sraith imeachtaí cuimhneacháin a reáchtáil. Bhí rath an Chláir Chomórtha ag brath go mór ar ár gceangal leis an Diaspóra agus measaim freisin go bhféadfaidh an Diaspóra páirt an-tábhachtach a imirt d’fhonn cinnte a dhéanamh go n-éiríonn le hÉire Ildánach a chuid aidhmeanna a bhaint amach.

“Le hÉire Ildánach tá teachtaireacht an-tábhachtach á cur in iúl don domhain faoin tábhacht atá leis an gcultúr in Éirinn agus mar atá clár oibre uaillmhianach cultúir á leagan amach ag an Rialtas. Tá sé tábhachtach freisin go bhfoghlaimímid ó shamplaí idirnáisiúnta, agus go ndéanaimid machnamh ar conas a chuir tíortha eile na healaíona agus an cultúr i dtosaíocht ag leibhéal náisiúnta.

“Tá lúcháir orm freisin go n-osclófar áis nua an Irish Cultural Centre in Hammersmith, atá ag cur ealaíontóirí na hÉireann i láthair le níos mó ná 22 bhliain, an samhradh beag seo. Beidh sé ina lárionad d'ealaíontóirí, dár bpobal beoga Éireannach, agus d’aon duine a bhfuil suim agus grá acu do chultúr na hÉireann.”

Bhí an méid seo le rá ag Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain Mhór, Daniel Mulhall:
“Mar Ambasadóir, tá cur chun cinn chultúr na hÉireann sa Bhreatain agus na ceangail chultúrtha atá idir an dá thír ina thosaíocht agam. Measaim gur deis spreagúil é Éire Ildánach leis an gcruthaitheacht a spreagadh agus a tábhacht a chur chun cinn, agus le beocht agus iléagsúlacht chultúrtha na hÉireann a cheiliúradh.”
Chuir John Gilhooly, Stiúrthóir Wigmore Hall, lena chuid cainte:
“Le hÉire Ildánach is féidir teachtaireacht an-tábhachtach a chur in iúl don domhan faoi oidhreacht agus glór uathúil na hÉireann i saol an chultúir. Is féidir na healaíona a chur ar a shúile do gach leanbh in Éirinn agus iad fós óg, agus ar an mbealach sin ligfear lena gcruthaitheacht, rud a bheidh ina bhuntáiste acu feadh a saol.”